Friday, February 28, 2003

Scéal Duairc na nDrugaí


B'fhéidir nach miste domh roinnt fhocal a bhreacadh síos ag trácht ar scannal mór na ndrugaí atá i mbéal an phobail ar fud na tíre.

Is iad bunfhíricí an scéil ná go dtáinig na póilíní trasna ar chomhcheilg iomlán de dhíoltóirí drugaí agus iad ag iomportáil cócaon agus marachuan ó thír na bhféidearthachtaí doshrianta taobh thoir dínn, is é sin, an Rúis. Bhí an drong féin bunaithe i Lieksa in aice leis an teorainn, ach b'in Heilsincí ba mhó a bhí lucht custaim acu, agus - iontas na n-iontas - daoiní ar nós Jussi Ahde, mac an iar-Aire Oibreachais (nó an Aire Airgeadais a bhí ann? ní cuimhneach liom a thuilleadh) Matti Ahde, nó a ghrádh geal, an mainicín Susanna Tervaniemi. Leis an scéal a thabhairt chun donais, bhí daoiní dá gcuid carad i ndiaidh pioctúirí físeáin a dhéanamh díofa agus iad ag tarraingt cócaon suas an tsrón. Anois, bhí an físeán ar fad le feiceáilt ag lucht féachana na bpríomhscéalta teilifíse.

Monday, February 24, 2003

Cá bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta?


Nach bhfuil téacs an Chomhaontaithe ar fáil in aon áit ar fud an Ghréasáin ach amháin as Béarla? Tá sé sonraíoch ar fad!

Tuesday, February 18, 2003

Robert Anson Heinlein


Caithfidh mé a aidmheáil go bhfuil cuid mhór ama curtha isteach agam le cupla bliain anuas ag léamh leabhartha le Robert Anson Heinlein. Is é Heinlein an scríbhneoir ficseaneolaíochta is ansa le hantoiscigh na heite deise, rud is éascaidh a chruthú fríd, cuir i gcás, cuairt a thabhairt ar leathanaigh na heagraíochta udaí Suomen Sisu. Dream iad sin atá ag "cur chun cinn an chultúir dhúchasaigh agus sainleas na bhFionlannach", ach is léir, don té a dhéanfas staidéar ar na moltaí léitheoireachta s'acu, go bhfuair siad an chuid is bunúsaí dá gcuid smaoiteachais ar iasacht ó dhreamanna cosúla i Meiriceá: lucht ciníochais agus iad go héadóchasach ag féacháilt le blas agus craiceann na hintleachtóireachta ("na hitleachtóireachta" a scríobh mé ar tús!!!) a chur ar an tseafóid dhainséarach.

Mar sin, an fanaiceach ciníochais nó radacach de chuid na heite deise a bhí in Heinlein, tar éis an tsaoil? Tá an-chathuithe orm a fhreagairt gurb eadh, ach mar sin féin, bheadh a leithéid de bhreithiúnas i bhfad ró-éagórach i dtaobh an tseanamadáin. I ndiaidh cupla bliain a chur díom ag déanamh trom-mheabhrú ar an cheist, cén cineál duine a bhí in Heinlein dáiríribh, is é an t-aon fhreagra ceart a thig liom a thabhairt uaim ná gur Meiriceánach a bhí ann. Dáiríribh, is é mo ghéarbharúil, fiú, nach féidir a theacht ar Mheiriceánach níos Meiriceánaí ná eisean. Nuair a scannánaigh Paul Verhoeven an t-úrscéal udaí Saighdiúirí na Réaltloinge(Starship Troopers), thug sé le fios i gceann de na hagallaimh go rabh sé ag dearcadh ar Heinlein mar shamhailchomhartha do na Stáit Aontaithe go léir, agus siúd is gur rogha sách mí-ádhúil a bhí ins an úrscéal seo thar na cinn eile dár scríobh mo dhuine, rachadh sé rite liom easaontú le Verhoeven. Nó cibé dea-thréithre agus cibé droch-thréithre a bhaineanns le dúchas na Stát Aontaithe, tá siad uilig le fáil i scríbhneoireacht Heinlein.

Mar shampla, thig leis a bheith ina mhíleatach agus ina chiníoch uafásach. San am chéadna, thig leis úrscéalta a chumadh a bhfuil cineál síochánachas pragmatúil á chraobhscaoileadh iontu, comh maith le comhshamhlú agus meascadh na gciníocha mar fhuascailt ar na scoilteacha sochúla. D'éirigh leis fosta úrscéal a scríobh a rabh an dá léamh - léamh an chiníochais agus léamh an fhrithchiníochais - le baint as. Ní nach ionadh, ba le linn na bhfeachtas mór ar son ceart vótála an chine ghoirm, i dtús na seascaidí, a scríobh sé an leabhar áithrid seo - Saorghabháltas Farnham (Farnham's Freehold). Is é an míniú is fearr - agus cuid scríbhinní eile an údair ag tacú leis an chiallú seo - ná go rabh Heinlein ag iarraidh a chur in iúl an dóigh a rabh sochaí na Stát Aontaithe ar fad eadar dhá chomhaile i leith na mórcheiste seo, agus é féin comh maith.

Is é is tús don leabhar ná an cogadh núicléach a rabh eagla ar an domhan uilig roimhe sna seascaidí. Cúbann teaghlach meánaicmeach Meiriceánach faoi cheannas an phatrairc Hugh Farnham isteach i seomra cosanta le theacht slán ón bhuamáil. Nuair a bheir siad aghaidh ar an tsaol mhór amuigh aríst, gheibh siad iad féin i bhfad sa todhchaí, ós rud é go rabh an oiread sin fuinnimh i bpléasc an bhuama is gur chuir sé an t-am féin as alt. Ghní siad iarracht ar an chine dhaonna a athbhunú, ach tá sé ag dul rite leofa, ós rud é nach dtuigeann siad an oiread athmheasúnú agus athluachála ar luachanna meánaicmeacha Mheiriceá agus a bheadh de dhíobháil.

Ins an tsuíomh áithrid seo a thagraítear do cheist an chine ghoirm an chéad uair. Nó is amhlaidh gurb iad na daoiní atá ag tionlacan Hugh Farnham sa tsaol nua seo ná a nighean, a bhean chéile, a mhac, banchara a iníne agus a shearbhónta dílis gormchraicneach. Leis an chine dhaonna a chur ag borradh aríst, chaithfí na cailíní a chur ag iompar clainne. Ar ndóighe, thig le Farnham nó lena mhac cara a nighne a leagan suas. Ach ansin, cé a rachadh a bhualadh craicinn lena nighin?

Sílim nach mbeadh duine ár gcomhaimsire i bhfad ag tabhairt freagra ar an cheist sin: cé eile ach an searbhónta gorm? B'é sin an t-aon rogha inghlactha amháin ar chúiseanna moráltachta agus bitheolaíochta. Más buan mo chuimhne, áfach, oiread is reachtáil le Hugh Farnham cha dtearn an smaoitiú seo. Ina áit sin, chuaigh an t-iomlán dearg acu a dhéanamh a dtrom-mheabhrú ar an rogha go gciorróchadh an t-athair col lena nighin féin.

Ina dhiaidh sin, áfach, thiontaigh sé amach nach rabh siad ina n-aonar ar dhroim an domhain ar aon nós. Bhí siad ag déanamh treaspáis ar thailte fir darbh ainm Ponse: cineál tiarna feodach talaimh a bhí ann. Anois, thiontaigh sé amach go mb'iad na Gormaigh a bhí i gceannas ar an domhan mhór, agus meas an eallaigh acu ar na daoir ghealchraicneacha. Bhí lucht an chraicinn ghil faoi chois ag na Gormaigh ar achan tslí anois, agus ag druidim le deireadh don scéal dúinn fuair muid amach, fiú, go mbíodh leithéidí Phonse ag ithe feoil na ndaoiní geala.

Ní hé seo an áit leis an scéal a reic ó thús go deireadh - más suim libh an leabhar, léigí í. Mar a d'úirt mé roimhe seo, thig linn an dá léamh a bhaint as mar scéal. Is féidir go rabh Heinlein féin meabhrach ar comh seafóideach is a bhí sé an t-athair a dhul a bhualadh craicinn lena nighin, fad is a bhí fear gorm ar fáil leis an obair a dhéanamh, agus comh míréasúnta is a bhí an ciníochas ag breathnú i suíomh mar sin, agus an cine daonna le dhul in éag, ach bun a chur le clann nua. Ón taoibh eile de, dealraíonn sé go bhfuil an chuid is mó de léitheoirí a chuid saothar comh frithghníomhach i gcúrsaí polaitíochta agus nach n-aithníonn siad an léamh incheaptha seo ar aon nós.

Le Heinlein a shaoradh ó líomhain an chiniochais, áfach, ní miste súil a chaitheamh ar dhá úrscéal eile leis: Is Dian an Mháistreás í an Ghealach (The Moon is a Harsh Mistress) agus Réalt Dhúbailte (Double Star). An rud atá cearr leis an dá úrscéal seo, is é an dearcadh ró-shaonta atá ag an scríbhneoir ar chúrsaí ar nós an stangaidh chultúrtha, is é sin, an dóigh a mbaineann an cultúr strainséartha geit asat. Glacann sé go réidh leis an mhanadh udaí a bíos ag na Meiriceánaigh: mix and fix, nó creideann sé go mbeidh gach duine agus gach cine sásta a dhul chun Meiriceánachais dá dheoin féin, má chuirtear an rogha sin os a chomhair,

B'fhurast seitgháirí a dhéanamh fán chineál sin saontachta i dtaoibh na ndifríochtaí cultúrtha agus seoibhineachas Meiriceánach a chur i leith an scríbhneora, ach ar ndóighe, níl i gceist leis seo ach an ghnáthmhoill chultúrtha. Nuair a bhí Heinlein i mbun pinn, bhí an ceart go hiomlán ag na Meiriceánaigh a shílstean go mb'iad an tír ab fhorásaí, an tír ba mhó dul chun cinn, ar dhroim an domhain mhóir. Bhí an Eoraip á streachailt as a chéile ag idé-eolaíochtaí uileghabhálacha ollsmachtúla, agus na Meiriceánaigh in ann a gcuid fadhbanna agus coimhlintí polaitiúla a bhainistiú le polasaithe praiticiúla, pragmatúla ar nós Bheartas Nua Franklin Delano Roosevelt. (Díol suntais agus iontais é inniu nach idéalachas sóisialach ná cléradacach a bhí i gceist leis an stát shoilíosach, le forbairt chuimsitheach an chórais leasa shóisialta, ar tús, ach dearcadh pragmatúil na Meiriceánach, a rabh an oiread sin díspeagtha ag lucht na n-idé-eolaíochtaí ina leith.) Mar sin, nuair a bhí Heinlein i bpraidhm a mhaitheasa mar scríbhneoir, bhí ualach an chruthúnais go hiomlán orthu siúd a chaithfeadh amhras ina chuid barúlacha. Tá cuma eile ar na cúrsaí inniu, ar ndóighe.

An Béal Beo


Cheannaigh mé an chéad chóip den Bhéal Bheo le Tomás Ó Máille comh fada siar leis an bhliain míle naoi gcéad a naoi ndéag is ceithre scór, agus mé in ainm a bheith ag staidéar i gcoláiste ollscoile na Gaillimhe (ní rabh mé go bunúsach ach ag cíoradh na leabharlainne, siúd is gur cineál staidéir a bhí ansin féin ar bhealach). B'é an seaneagrán a bhí i gceist an uair sin, ar ndóigh, leis an tseanlitriú agus sa chló Ghaelach. An uair sin, shíl mé nach mbeadh a shárú ann mar leabhar le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, ós rud é go rabh an leabhar ag cur thar maoil de leaganacha dúchasacha cainte. Tá an t-eagrán nua agam anois, agus siúd is go bhfuil mé barúlach agus géarbharúlach i gcónaí nár rugadh an Gaeilgeoir go fóill nach mbainfeadh sult, subhachas agus leas as an leabhar, ní foláir an corrlocht a fháil air.

Is é an litriú an príomhlocht, ar ndóighe. Má táthar ag iarraidh litriú caighdeánta a chur i bhfeidhm ar an Ghaeilge, cad fáth nach bhfuiltear loighiciúil fá dtaobh de sin? Bíonn cúistiúnacht na dtithe foilsitheoireachta ag cur ruaigeadh ar na hiarsmaí deireanacha de chanúnachas Chúige Uladh, ach san am chéadna, ligtear isteach séalaigh/séalú i leabhar ar nós an Bhéil Bheo, agua a fhios ag an tsaol mhór is a mháthair gurb é síothlaigh/síothlú an litriú caighdeánta?

Dála an scéil, ós ag caint ar fhoclóirí agus ar chúrsaí caighdeáin a tharla mé, ba mhaith liom an cheist a chur, nach mba mhithid an Gearrfhoclóir a bhaint den mhargadh ar fad? Chan fhuil ins an Ghearrfhoclóir go bunúsach ach eagrán d'fhoclóir Uí Dhónaill inar fágadh an chuid ba mhó de na foirmeacha malairteacha canúnacha (na ceartfhoirmeacha eile mar a deirtear) ar lár. Is é an phríomhchúis le mórfhoclóir a bheith ann agus le úsáid a bhaint as an mhórfhoclóir, áfach, ná leabhartha neamhchaighdeánta le scríbhneoirí canúnachais (agus is scríbhneoirí canúnachais iad rogha agus togha na scríbhneoirí Gaeilge) a bheith inléite agat, rud a chiallaíonns nach féidir príomhúsáid an mhórfhoclóra a bhaint as an Ghearrfoclóir. Níl ins an Ghearrfhoclóir ach mórfhoclóir coillte, do-úsáidte, agus ba chóir gan é a athfhoilsiú feasta. Baineadh na mic léinn úsáid as foclóir Uí Dhónaill amháin, ina leagan iomlán. Mura miste libh mise an moladh seo a thabhairt uaim. Nó an moltanas, mar a déarfadh Máirtín Ó Cadhain.

Sunday, February 16, 2003

Cé thú Féin?


Chaith mé súil ar liostaí Phinseri, áit a bhfuiltear ag coinneáil cuntais fán ráchairt a bíos ar dhialanna gréasáin na bhFionlannach, agus baineadh stangadh asam a fheiceáilt go rabh duine amháin i ndiaidh an leathanach s'agam a bhaint amach an bealach sin. Bhí mé i ndiaidh fógraíocht áithrid a dhéanamh ar an liosta ríomhphoist Gaeilge, ach ós rud é gur dialanna Fionlainnise (agus an corrcheann Sualainnise) a bíos á liostáil ag Pinseri, níor dhócha liom go dtiocfadh aon Ghaeilgeoir ansin ar aon nós.

Mar sin, cé thú féin? Tá mé insroichte faoin ghnáthsheoladh: phoglund@abo.fi.

Thursday, February 13, 2003

Cad é atá Cearr leis an Lánsaoirseachas?


Mar is dual dó, chuir Mark Rosenfelder s'againn togha líonleathanaigh ar fáil dúinn le leíriú cad é atá cearr leis an lánsaoirseachas - is é sin, an idé-eolaíocht pholaitiúil ar a dtugtar libertarianism as Béarla. Le mo ghéarbharúil féin a chur leis mar ruball: is é an rud atá cearr le gach fealsúnacht ar nós lánsaoirseachais nó Cumannachais, ná go bhfuil siad ag tairiscint fuascailt uileghabhálach nach dtig a chur i gcrích ina hiomlán ach le lámh láidir. An cineál Cumannachais nó Lánsaoirseachais a chleachtaítear - is é sin, an oiread den idé-eolaíocht is féidir a chur i gcrích go praiticiúil - i gcóras daonlathach, is rud eile ar fad é ná geallúintí na hidé-eolaíochta glaine, agus is ar a thorthaí a aithnítear an crann. An té atá ag déanamh a throm-mheabhrú ar idé-eolaíocht uilefhreastalach den chineál seo, go háithrid má tá sé ag útamáil leis an smaoitiú go rachfadh sé leis an ghluaiseacht, ba chóir dó na geallúintí ar fad a ligint i ndearmad: ina áit sin, is fearr cíoradh agus anailís a dhéanamh ar speictream na bpáirtithe polaitiúla atá ann cheana féin, agus ansin freagra a lorg ar an cheist, cad é an toradh a d'fhéadfadh fás ar imbhualadh na seanpháirtithe leis an ghluaiseacht nua.

Rud paradacsúil - nó rud frithchosúil, mura nglacaidh lucht an ghlanteangachais le "paradacsúil" mar fhocal - go bhfuil claonadh inmheánach ins an lánsaoirseachas chun ollsmachtúlachta, fosta. Nuair a bíos na lánsaoirsigh san Fhionlainn ag fáil locht ar na tréithre Sóisialacha inár sochaí, ghní siad dearmad iomlán de gur toradh iad na tréithre seo do pholasaithe a cuireadh i gcrích ar bhealach daonlathach. Na tréithre Sóisialacha nach nglacann siad leofa, bhí siad de dhíth ar na vótálaithe ar tús, agus sin an fáth a bhfuil siad ann. Níl na lánsaoirsigh sásta cead roghnaithe an tSóisialachais a fhágáil ag na daoiní, fiú sa chás gurb é sin an rud féin a roghnóchadh na daoiní. Dá dtigeadh útóipe na lánsaoirseach ar an fhód, bheadh cead ag na daoiní iad féin a eagrú in eagraíochtaí mar ba mhian leofa - ar acht nach mbeadh cuma an tSóisialachais ar an eagraíocht. Ach ós rud é go dtugann na lánsaoirsigh "Sóisialaí" ar achan duine, go praiticiúil, nach mbaineann leofa féin, is é an chéad rud a chaithfidís a chur ar bun lena n-útóipe féin a chosaint ar "athshóisialú" ná fórsa de phóilíní polaitiúla chun cath a chur ar na "Sóisialaithe" - is é sin, aon duine eile seachas iad féin. Is é is toradh don iomlán ná an rud céadna a bhí ins an Aontas Shóibhéadach: saoirse ag achan duine an idé-eolaíocht oifigiúil a roghnú, ós ag lucht leanstana na hidé-eolaíochta oifigiúla is fearr atá a fhios cad é is saoirse ann.

Wednesday, February 12, 2003

Alpo Rusi agus Stair Rúnda na Seachtóidí


Tá drochamhras ann i gcónaí go bhfuil an tOllamh le Caidreamh Eadarnáisiúnta in Ollscoil Rovaniemi - nó an in Oulu a bhí mo dhuine ag obair? ní cuimhin liom anois ach gurb áit ínteacht ins an tuaisceart a bhí i gceist - Alpo Rusi i ndiaidh spiadóireacht a dhéanamh ar mhaithe le Daonphoblacht na Gearmáine thiar sna seachtóidí, le linn é féin a bheith ina mhac léinn óg agus Bloc an Oirthir beo breabhsánta go fóill. Tá na póilíní rúnda ag fiosrú an scéil go fóill, ach san am chéadna, rinne cathaoirleach an Pháirtí Láir - iar-pháirtí na bhfeirmeoirí - Olli Rehn iarracht cur isteach ar obair na bpóilíní agus tírghráúlacht a chara Rusi a mholadh go poiblí an oiread sin is go dtuigfeadh aon duine nach bhféadfadh fear comh fónta a dhul i gcomhar leis an Stasi.

Is deacair a thuigbheáil cad é go díreach atá eadar lámhaibh ag Olli Rehn, an fear bocht, nó cén fáth. Má tá eagla air go bhfágfaidh scéal Rusi smál ar an pháirtí - agus chuala an saol mór iomrá cheana ar an dóigh a rabh páirtí na bhfeirmeoirí beo ar "dheolchaire" na Sóibhéidí sna laethanta a bhí - caithfidh sé nach bhfuil sé ach ag cur leis an mhíchliú sin an dóigh a bhfuil mo dhuine ag cur ladar i bhfiosrú na bpóilíní. Is é an chéad tátal a bhainfeas Tadhg an mhargaidh as a iompar ná go bhfuil an Páirtí Láir i bhfad níos doimhne istigh i gclábar na spiadóireachta is na comhoibritheoireachta Sóibhéidí ná mar a chreid muid riamh. Tá Rehn á iompar mar a bheadh sé ag iarraidh go héadóchasach mórthubaiste, nó An Mhórthubaiste Féin, a chosc, agus is é an chonclúid is dual dúinn a tharraingt as an scéal go bhfuil a leithéid de mhórthubaiste ann dáiríribh, go bhfuil todhchaí an pháirtí agus todhchaí pholaitiúil Rehn féin i gcontúirt leis an scéal. Dá mbeinn féin in áit Rehn, is é an rud a déarfainn i dtaobh chás Rusi ná "ár dtubaiste leisean" agus d'fhanfainn le deireadh an fhiosraithe sula leomhfainn freagra a thabhairt ar aon cheist fá dtaobh de na cúrsaí seo.

Nuair a thoisigh an racán seo fá dtaobh de spiadóireacht Rusi, bhí súil agam go bhfoghlaimeochadh muintir na Fionlainne an ceacht fá dheoidh: nárbh ionann bheith i do Chumannach, fiú thiar ins na seachtóidí, agus bheith ag obair do Rúnseirbhís na Sóibhéidí, agus nach leor d'aon duine dintiúirí maithe frithChumannachais agus saoradh ó líomhaintí fá spiadóireacht. An té atá ina Chumannach, níl sé ach ag tacú le gluaiseacht áithrid polaitíochta. Nuair a d'éiligh Kimmo Sasi, polaiteoir coimeádach atá ina Aire Tráchta agus Cumarsáide inniu, - nuair a d'éiligh sé, roinnt bheag blianta ó sin, fiosrú dlí a chur ar obair in éadan Stailínigh óga na seachtóidí, ní rabh sé in ann aon choir ar leith a ainmniú a bheadh mar chúis leis an chineál sin fiosrú - ba léir gur shíl sé go mba chóir téarma príosúin a ghearradh ar dhuine ar son a dhearcaidh pholaitiúil amháin.

Mar a thaispeánanns cás Rusi dúinn, áfach, na polaiteoirí a bhí ag cothú íomhá choimeádach, bhuirgéiseach, nó fiú fhrithChumannach go poiblí, cha rabh siadsan díonta ar aon nós ar iarrachtaí earcaithe Rúnseirbhís na Rúise Sóibhéadaí. Déanta na fírinne, bhí Kimmo Sasi féin i measc an chuid sin de na coimeádaigh a rinne a ndicheall thiar sna seachtóidí caidreamh cairdiúil a chur ar bun le hAmbasáid na Sóibhéidí, i gcruth is nach dtiocfadh a bpáirtí a choinneáil taobh amuigh den rialtas ar chúiseanna na ngnoithí eachtracha. Tá sé incheaptha, ar aon nós, go dteachaidh Sasi féin thar fóir ag iarraidh na Rúisigh a ghiúmaráil, agus go mb'fhiú fiosrú éigin a dhéanamh fána chúrsaí féin. A fhad is a shílfear go coitianta gurb ionann spiadóir Sóibhéadach agus polaiteoir Cumannach, mothóchaidh leithéidí Sasi iad féin slán sábháilte, ach nuair a fuarthas amach fá ghnoithí rúnda Rusi, caithfidh sé go dtáinig scanrú ar an dream sin ar fad: má thuigeann an náisiún gur coir í an spiadóireacht a thig comh réidh le polaiteoir coimeádach is mar a thig sí le Cumannach, beidh seanchairde na Sóibhéadach uilig - cuma cé acu páirtí lena mbaineann siad - i gcontúirt a ndaortha.

Tuesday, February 11, 2003

Beannachtaí ón Fhiaclóir


Chaith mé leathuair an chloig ag an fhiaclóir aríst, agus súil agam go gcuirfeadh sí líonadh nua isteach i bhfiacail a rabh cóiriú na fréimhe - is é sin, marú na néaróige! - déanta uirthi dhá bhliain ó shin. Ar an drochuair, bhí an fhiacail scoilte - sin é an fáth go rabh daitheacha fiacal orm le cupla lá anuas - ach ós rud é go rabh slaghdán orm, chinn an fiaclóir ar gan ach an chuid ba phráinní den chóiriú leighis a chur i gcrích inniu. D'fhuaraigh sí an drandal agus stoith amach leath na fiacaile. Fanann an leath eile istigh, agus sílim gurb é sin an fáth go bhfuil an drandal ag luí orm comh nimhneach anois, agus an fuarú ag imeacht.

Monday, February 10, 2003

Fáinne na Spiorad


Le linn an deireadh seachtaine, chríochnaigh mé úrscéal fantaisíochta - The Spirit Ring le Lois McMaster Bujold a cheannaigh mé ar lacáiste i Siopa Acadúil na Leabhar. Is dócha go mb'é an t-aon úrscéal amháin uaithi go dtí seo nach bhfuil aon bhaint aige leis an tsraith fá eachtraí an draoidín mhisniúil udaí Miles Vorkosigan. Tá andúil agamsa ins na scéalta fá dtaobh de Mhiles Vorkosigan, ar ndóighe, agus sceitimíní orm roimh gach aon leabhar acu sin nár léigh mé go fóill.

An t-úrscéal seo áfach, níl sé ag baint le Miles ar aon nós: tá sé suite ins an Iodáil sna Meánaoiseanna, ach amháin go bhfuil loinnir na fantaisíochta curtha ar an timpeallacht ar fad. Níl ins an Iodáil, mar sin, ach cóiriú agus feisteas stáitse le tuilleadh craicinn a chur ar imeachtaí fantaisíochta a chuirfeadh an t-úrscéal eile udaí fá dtaobh d'fháinne draíochta, Tiarna na bhFáinní le Tolkien, i gcuimhne dúinn.

Deir an blorba go bhfuil an leabhar seo comh lán saoithiúlachta, magadóireachta is imeartas focal leis na cinn a chum Bujold fá eachtraí Mhiles Vorkosigan, ach is é an greann is mó a chrothnaím uaim dáiríribh, Dealraíonn sé nach bhfuil mo chailín in ann an leibhéal céadna greannmhaireachta a shroicheadh i leabhar aonair, ó tá an chuid is mó den mhagadóireacht sna leabhartha fá dtaobh de Mhiles Vorkosigan bunaithe ar an aithne atá ag an léitheoir ar imeachtaí saoil an laoich ó na leabhartha a tháinig roimhe sin.

Mar sin féin, má tá an Ghaeilge s'againn le mairstint beo beathach thar lá ár mbáis féin, is é seo an cineál leabhartha is mó atá de dhíth orainn. Ba chóir domh dáiríribh Gaeilge a chur ar chupla úrscéal le Bujold. Tá cúiseanna maithe le sin, ach sílim gurb é an réasún is tábhachtaí ná go gcuideochadh leabhartha soléite ficseaneolaíochta le téarmaíocht nuachumtha a chur i mbéal an phobail ar bhealach nádúrtha.

Friday, February 07, 2003

Fáilte go Plöki


Níl a fhios beo agam an bhfuil an oiread sin Fionlainnise ag aon duine agaibh, ach má tá, caithigí súil ar an chín lae eile atá agam: Plöki.

Clifford Simak


Má tá aon chiall le bheith le cín lae Gréasáin as Gaeilge, ní mór ábhair a chairdeáil nach minic a bhí eadar chamánaibh roimhe seo sa teanga is ansa lenár gcroí. Ceann de na hábhair is túisce acu a ritheanns liom ná an ficsean eolaíochta, nó an ficsean bréageolaíochta mar a bhaist mé air i m'úrscéal Gaeilge. De thaisme, agus mé ag cuartú an Ghréasáin le Google inniu ar chúiseanna eile ar fad, fuair mé radharc ar ainm Clifford Simak, an scríbhneoir sci-fi a chum an t-úrscéal iontach álainn udaí City. Caithfidh sé gur imigh deich mbliana ó léigh mé an uair dheireanach é, ach mar sin féin cha dtearn mé dearmad de riamh, agus ba mhaith liom Gaeilge a chur air anois, ó tháinig mé an oiread sin isteach ar an teanga.

Is deacair a rádh cé acu úrscéal nó díolaim gearrscéalta atá i gceist le City, nó ar nós go leor "úrscéalta" a bhaineanns le ré chlasaiceach na n-irisí éadroma ficseaneolaíochta, pulp sci-fi, cuireadh City i dtoll le chéile as caibidlí a foilsíodh anseo nó ansiúd ar na hirisí agus a bhfuil lón léitheoireachta ins achan cheann acu beag beann ar na cinn eile, ach san am chéadna tá comhthéama acu go léir a chuireanns ar chumas an léitheora glacadh leofa mar a bheadh aon tslánaonad amháin iontu, agus iad in aice le chéile. Deismireacht eile í tríológ Isaac Asimov fán Fhundúireacht: ní tríológ a bhí ann ar tús, ach sraith ghearrscéalta a cuireadh i gcló anseo agus ansiúd.

Cibé scéal é, is scéal fealsúnach é City, agus é maoithneach cumhúil go maith, fosta. Nó is é an bunsmaoitiú atá ann go bhfuiltear ag iarraidh an madadh a thabhairt chun sibhialtachta, a chur ar aon leibhéal leis an duine, i gcruth is go gcuirtear ar a chumas a intinn a labhairt i dteanga dhaonna fríd chorp agus inchinn an mhadaidh a fheabhsú le gléasanna máinliachta agus géinitice.

Mar is dual do scéalta ficseaneolaíochtúla den chineál sin, ghní an scríbhneoir ionsaí sách so-réamhinste ar an nádúir dhaonna, agus é ag lochtú olcas agus cruálacht an duine i gcomparáid leis an mhadadh dhílis, shíochánta, ghrámhar. Mura mbeadh ann ach an méid seo, is beag fiúntas a bheadh ag baint leis an leabhar, ach amháin le tabhairt suas an duine chóir a chur ar an aos óg - nó, mar a déarfadh an Meiriceánach, leis an "liobrálachas croíloiscthe" a chraobhscaoileadh. Tá leabhar Simak níos casta ná sin, áfach. Taispeánann sé go bhfuil a cuid fadhbanna ag baint le sibhialtacht na madraí féin, nó tá saoldearcadh na madraí ró-neamhréadúil agus iad ag iarraidh comhbhráithreachas na n-ainmhithe a chur i bhfeidhm ar an domhan: cuirtear d'fhiachaibh ar na hainmithe feoiliteacha, mar shampla, a ndúchas a shéanadh, ó nach maith leis na madraí aon ainmhí a bheith ag baint greama as ainmhí eile. Cineál ollsmachtúlachais is toradh dó seo sa deireadh thiar thall, ar ndóighe.

Ansin, shílfeá nach bhfuil anseo ach an oiread ach an ghnáthsheafóid ó na coimeádaigh: ní féidir an tsíocháin bhuan a chur ar bun, beidh na bithiúnaigh, na drochdhaoiní is na hainmhithe creiche ann go deo, agus araile agus araile. Ar ámharaí an tsaoil, tá tuilleadh sa leabhar: sa deireadh thiar thall, imíonn an dá chine, an duine is an madadh, de dhroim an tsaoil seo le aghaidh a thabhairt ar mhalairt domhain dá chuid féin, domhan a bhfuil baint spéisiúil aige le bun-nádúir an chine féin mar a thuigeanns is mar a shamhlaíonns Simak féin í.

Ós rud é go bhfuil an duine comh tugtha sin don teicneolaíocht, gheibh sé amach dóigh leis an cholainn dhaonna a chur i leataobh ar mhaithe le saol níos fearr, saol parthasúil, ar phláinéad eile. An madadh áfach, níl aon chur amach aige ar na pláinéid ná na réaltaí. Is iad domhnáin osnádúrtha na dtaibhsí a tharraingíonns na madraí intleachtúla ina leith, ós rud é go bhfuil tuigse agus ciall ag an mhadadh ó dhúchas do na domhnáin seo. Mar sin, le forbairt a gcomhfheasa is a meabhraíochta éiríonn cine na madraí ábalta ar an cholainn a thabhairt suas dá ndeoin féin le domhan scáfar na dtaibhsí a shiúl. Sa deireadh thiar thall, ní bhacann siad a thuilleadh leis an tsaol seo ar aon nós.

Is iomaí iarracht...

...a thug mé roimhe seo ar Chín Lae Gaeilge a choinneáil ar an Ghréasán. Tchifidh muid an éireochaidh liom an turas seo ar aon nós.

Bhail, tá mé i ndiaidh an chéad triail a bhaint as anois. Tá an leagan amach an-chuidsúlach, ach dealraíonn sé go dtógann sé barraíocht ama é a lódáil ar an ríomhaire. Níl mé cinnte an gceadaíonn an áir seo domh malairt teimpléad a chur in ionad an cheann seo, ach gabhfaidh mé leor leis an chúlra sicidéileach go ceann tamaill ar a laghad.