Monday, March 17, 2003

Lá 'le Pádraig, i ndiaidh na n-olltoghchán


Rinneadh na vótaí a chuntas anois, ach má rinneadh, cha dtáinig mórán athrú ar shaol na tíre. Fuair na Glasaigh fiú tuilleadh tacaíochta, cibé fá dtaobh de Mharkus Drake. Dealraíonn sé go rabh bunadh na Fionlainne sách siosmaideach is a aithne nach ionann iarrthóir forimeallach amháin agus an páirtí ar fad. D'éirigh go maith le príomhpháirtí an Rialtais, na Daonsóisialaigh, agus le príomhpháirtí an Fhreasúra, na feirmeoirí. Is dócha go bhfuil pilleadh ar sheanmhúnla rialtais na seachtóidí agus na n-ochtóidí ar na bacáin, mar atá, an "fód dearg" - sin le rádh, comhrialtas na bhfeirmeoirí ("fód") agus na ndaonsóisialach ("dearg") - ar na bacáin. Chan fhuil an tAontas Clí comh láidir agus a thiocfadh "cathéadan na cosmhuintire" (is é sin, na daonsóisialaigh, na sóisialaigh níos radacaí - iad siúd atá ins an Aontas Chlí inniu - agus na feirmeoirí) a chruthú. Is é sin, má ghlactar leis an Aontas Chlí isteach ins an rialtas, cha mbíonn siad ansin mar cheann de na príomh-chomhábhair, ach mar dhream cuidithe.

Char éirigh go rómhaith le haon cheann de na dreamanna ciníochais nó tuathghríosadóireachta, siúd is gur bhain Tony Halme, iar-bhocsálaí agus é leath ina choirpeoir nó ina chiontóir de réir chosúlachta, - gur bhain sé amach suíochán pairliminte le teachtaireacht thuathghríosaitheach. Beidh sult is subhchas ar fáil ina scórthaí nuair a chromfas mo dhuine ar a chuid oibre mar Fheisire. Cha chuirfeadh sé lá iontais orm dá gcaithfí Feisire i ndiaidh Feisire a iompar ar iomlán gaile go dtí an t-ospidéal i ndiaidh dófa easaontas i leith ceann de na mórcheisteanna prionsabálta a chur in iúl do Halme go róchársánach.

Thursday, March 13, 2003

Scéal Duairc na nDrugaí, Cuid a Dó


Rud iontach nár thrácht mé air go fóill: tá na holltoghcháin á n-ullmhú san Fhionlainn, agus scannal tarraingthe ag Markus Drake, iarrthóir óg feisireachta de chuid na nGlasach agus cathaoirleach ógeagraíocht an pháirtí, mura dteipeann mo chuimhne orm. D'iompaigh sé amach go bhfuil sé ag caitheamh toitíní draíochta go foscailte, agus é ina bhall ghníomhach in eagraíocht atá ag iarraidh cosc caite na canáibe a chur ar ceal. Tá Drake i ndiaidh lucht an pháirtí a náiriú os comhair an tsaoil, agus gach seans nach n-éireochaidh leis na Glasaigh go rómhaith ins na toghcháin seo, i ndiaidh an iomláin.

Monday, March 03, 2003

Tír na gCrógach, Talamh na Saor


Sin Meiriceá, ar ndóigh, nó na Stáit Aontaithe. Tháinig mé ar leabhar spéisiúil fá stair na Stát Aontaithe ins an tsiopa leabhar, ceann a bhí scríofa ag staraí Sasanach agus i gcló ag Penguin, agus ar ndóighe, ní rabh mé in ann na cathuithe a chloí, go háithrid ag glacadh leis go bhfuil mé ag útamáil leis an smaoitiú leathanaigh eolais fá ghnéithe áithride de stair na Stát a chur ar an Líon. Bhí mé sách eolach ar an ghabháltas ar an Iarthar Fhiain roimhe seo, ó bhí leabhartha ar nós The West (nó Mammoth Book of the West) le Jon E. Lewis, nó Bury my Heart at Wounded Knee agus Wondrous Times at the Frontier le Dee Brown léite agam; ach maidir le Cogadh na gCarad bhí mé dall ar fad, nó ní rabh ar eolas agam ach roinnt logainmneacha a chuirfeadh draíocht orm, cosúil le Gettysburg, Gleann Shenandoah, Antietam, Manassas, Bull Run agus eile. Anois, áfach, thoisigh mé a dh'aithne struchtúr ínteacht, nó cnámha an scéil, taobh thiar de na hainmneacha seo.