Thursday, May 29, 2003

Ocras


Tá ocras orm inniu. Níl cianóg rua fágtha i mo phóca, agus níl an tuarastal ag teacht roimh an lá amárach. Tchí Dia mise ag feitheamh go mífhoighdeach le gealadh na maidine!

D'fhógair Alejandro Toledo staid éigeandála i bPeiriú, rud a chuireanns go mór isteach orm, agus mo chara pinn, Tatiana, i dTrujillo i ndiaidh cuireadh a thabhairt domh chuici. Saoire a bheadh ann a sháróchadh na brionglóidí féin: tír nach bhfaca mé a leithéid riamh, grian, sléibhte, cultúr iontach, stair, cuideachta dheas...Ach anois, dealraíonn sé go gcaithfidh mé dearmad a dhéanamh de - agus aghaidh a thabhairt ar Éirinn ina ionad, ar ndóigh.

Wednesday, May 21, 2003

Cha rabh ann ach gnáthbhruíon cois tinteáin


Baineadh mealladh thar na bearta asam nuair a mhothaigh mé an nuaíocht is úire: cha rabh i gceist le scannal Häkämies ach gnáthbhruíonachas suarach: thug sé greidimíní don chailín ar chuir sé an coimeadar uirthi i ndiaidh dó colscaradh a fháil óna sheanmhnaoi chéile. Ós rud é gur féidir leis an chúisitheoir caingean dlí a dhéanamh de chás comh tromchúiseach seo beag beann ar cibé socrú príobháideach a rinne Häkämies leis an chailín, dealraíonn sé nach bhfuil bealach éalóidh ar bith fágtha aige: is féidir dó, go teoiriciúil ar a laghad, téarma príosúnachta ocht mblian a fháil ar son a choire, mura n-éigiontófar é.

Ins an iontráil roimhe seo, thagair mé cheana don fhuath atá glactha ag na homaighnéasaigh le Häkämies toisc comh díspeagúil agus a bhí sé ina leith siadsan cupla bliain ó shin, nuair a bhí sé ina Aire Dlí agus Cirt agus an bille um chlárú oifigiúil na lánúineacha homaighnéasacha - is é sin, "pósadh na bhfeileacán" - faoi chaibidil. Bhí sé go borb in éadan a leithéide, agus nuair a chuaigh na hiriseoirí ar lorg argóintí uaidh, is é an rud a d'úirt sé ná gurb é an cineál dearcadh a fuair sé le hoidhríocht óna thuismitheoirí ná "nach bhfuil an homaighnéasachas nádúrtha, agus sin a bhfuil ann". Ar ndóighe, níor fhág na homaighnéasaigh aon drochainm ná masla gan tabhairt air ina dhiaidh sin. Ós rud é gur ball den Kokoomus, is é sin, den pháirtí choimeádach, atá i mo dhuine, ba dual dó fosta pionóis níos géire a éileamh le haghaidh dúnmharfóirí agus lucht an bhruíonachais. Dáiríribh, chuir sé faobhar ar chlaíomh a dhícheannta féin!

Thairis sin, dealraíonn sé go rabh duine éigin i ndiaidh boladh a fháil den dóigh a dtug Häkämies léadhbairt don mhnaoi, agus an duine anaithnid bhí sé ag glaoch ar Häkämies ar an teileafón le neirbhís a choinneáil air, b'fhéidir go rabh sé ag iarraidh Häkämies a dhúmháladh, agus é ag éileamh airgid ar son a bhéal a choinneáil ina thost fá choir Häkämies. D'iarr Häkämies ar chomhlacht na dteileafón an dúmháltóir a fháil amach dó, ach is amhlaidh nach rabh cead a iarrtha sin, de réir an dlí, ach ag na póilíní. Mar sin, rinne Häkämies coir eile nuair a d'éiligh sé a leithéid ar an chomhlacht.

Tuesday, May 20, 2003

An dlí ag dul ar iar-Aire Gnóthaí Inmheánacha


Seo an nuaíocht is aistí dá dteachaigh ar fud na Fionlainne le fada an lá: tá an dlí le cur ar iar-Aire Gnóthaí Inmheánacha na Fionlainne, Kari Häkämies, agus é á chúisiú in ionsaí agus i mbatráil den chineál thromchúiseach. Is é sin, dealraíonn sé go bhfuil an fear áirithe seo i ndiaidh léadhbairt chomh mór a thabhairt do dhuine éigin is nach bhfuair sé biseach iomlán ina dhiaidh sin. Ós rud é gur thabhaigh an fear míchliú nach beag i súile na homaighnéasach agus na n-intleachtóirí liobrálacha agus é ina Aire roinnt mhaith bhlianta ó shin, beidh lucht an ghrinn ag inse scéilíní fán dóigh ar ghlac Häkämies páirt, mar dhea, i scléip fhoréigin na maolchloigneach agus iad ag tabhairt greidimíní d'fheileacán éigin; ach dáiríribh, sílim go bhfuil an scéal i bhfad níos measa fós. Nó thit an choir amach chomh deireanach leis an bhliain anuraidh, nuair a bhí Häkämies ar an fheidhmeannach ab airde i Roinn na nGnóthaí Inmheánacha - permanent secretary nó "buanrúnaí" an leagan Béarla a úsáideanns sé féin mar aistriúchán ar a theideal - agus is dócha go rabh baint ag an choir lena obair. An bhfuil sé, mar shampla, i ndiaidh céasadh a cheadú nó a ordú?