Thursday, July 31, 2003

Cé dó a bhFuilimid ag Scríobh?


Bhí comhrá ríomhphoist agam le Seán O'Connor, cainteoir neamhdhúchais eile a bhfuil d'uaillmhian aige scríbhneoireacht chruthaitheach a dhéanamh fríd mheán na Gaeilge, agus é i ndiaidh an chéad sracfhéachaint a chaitheamh ar an aistriúchán atá ins na fonsaí tógála agam i láthair na huaire, mar atá, An Áit a nIompaíonn na Traenacha le Pasi Jääskeläinen. Bhí sé eadar an dá chomhairle i leith an scéil: mhol sé an t-aistriúchán, ach san am chéadna, ní rabh sé comh cinnte sin fá dtaobh den ghearrscéal féin, agus é cineál claonta a shílstean nach rabh an blas ceart ar ghuth na máthara a bhí ag reic scéal a mic. Dáiríribh, is é is dóigh liom féin go bhfuil cuid den cheart aige ar a laghad.

Saturday, July 19, 2003

Velikovsky, Mika Waltari, agus Reiligiún na hÉigipte


Sílim go bhfuil an t-úrscéal is mó dá dtáinig riamh ó pheann fhear mo chomhdhúchais, Mika Waltari, ar an leabhar ab fhearr liom a aistriú go Gaeilge: Sinuhe egyptiläinen, nó An tÉigipteach, mar a baisteadh ar an leagan Béarla ("The Egyptian"). B'fhéidir go bhfuil leabharthaí níos fearr, fiú úrscéalta stairiúla níos fearr, scríofa i mo theanga dhúchais, ach mar sin féin, theastóchadh uaim an ceann áithrid seo a chur ar fáil do lucht na Gaeilge, ós rud é go bhfuil lón saibhir léitheoireachta ann ar a lán dóigheanna.

Ar ndóighe, is iomaí locht a thig a fháil ar an údar féin. Nuair a léigh mé MacMillan's Guide to World Literature, eolaire a bhfuil blas láidir na scigireachta ar go leor dá n-abair sé i dtaobh scríbhneoirí an tsaoil mhóir, siúd is go rabh mé ina thaithí cheana féin nach rabh sé "ceadaithe" ins na ciorcail ardliteartha mórán measa a bheith agat ar Waltari, caithfidh mé a aidmheáil gur bhain sé stangadh asam a fheiceáil comh tarcaisniúil agus a bhí lucht eagarthóireachta an eolaire sin i leith mo dhuine. Is dócha go rabh cuid den dímheas seo bunaithe ar an dóigh a rabh mo dhuine ag obair ina bholscaire cogaidh, rud a chiallaigh go gcaithfeadh sé gaisce an Airm Ghearmánaigh a mholadh os coinne an tsaoil mhóir, a fhad is a d'fhan an Fhionlainn ag comhoibriú leis an Ghearmáin Náitsíoch; agus thairis sin, le linn an chogaidh bhreac sé síos úrscéal bolscaireachta faoin teideal Antero ei enää palaa ("Ní phillfidh Aindrias a thuilleadh"), inar reic sé scéal laochais fán dóigh ar ofráil fear óg darbh ainm Aindrias nó Antero a anam ar son a thíre i gCogadh an Gheimhridh, agus an clabhsúr a chuir sé ar an scéal ag trácht ar an Ghearmáin "a chuir gairm shlógaidh ar náisiúin na hEorpa" le cogadh a chur ar an Rúis Shóibhéadach - rud a tchítear iontach gránna d'aon léitheoir inniu, siúd is nach bhfuil ann ach gnáth-théama de chuid bholscaireacht chogaidh na Fionlainne.

Maidir le húrscéalta stairiúla mo dhuine, is é an breithiúnas a thug muintir Mhic Mhealláin air ná nach rabh ann ach cineál mangarae liteartha, nó kitsch. Tá siad ann a deir gur scríobh Waltari an leabhar céadna uair i ndiaidh a chéile, agus má chuirtear Mikael Hakim, atá suite i saol na Meánaoiseanna, i gcomparáid leis an Éigipteach, is léir gurb ionann imeachtaí agus pearsana áithrid sa dá úrscéal. I scéal an lia Éigiptigh, titeann mo dhuine i ngrádh ar tús le cailín darb ainm Minea, agus í ar a bealach go dtí an Chréit, áit arb as daoithi. Sa bhaile daoithi, áfach, ofráiltear do Mhinotauros í, agus fágtar Sinuhe faoi mhéala ina diaidh. Ansin, castar bean níos aibí dó, Merit, lena gcaitheann sé a chuid oícheanta agus í ag tabhairt cineál sóláis dó, ach ní thuigeann sé ach i ndiaidh an bhean seo bás a fháil go rabh grádh aige daoithi, agus aicise dó féin, agus gurbh é a mhac féin mac na mná seo, a fuair bás comh maith. Anois, tá beirt chailíní cosúil leis an bheirt seo ag Mícheál Hakim fosta: ar tús, agus é ina fhear óg, titeann sé i ngrádh le cailín darbh ainm Veronica, ach ansin, gheibh sé maraithe ag saighdiúirí naimhdeacha í roimh an bheirt acu an chéad oíche riamh a chaitheamh le chéile; ansin, castar Barbara, bean níos aibí, ar mo dhuine. Bíonn úrscéalta stairiúla Waltari tragóideach go maith, ach is féidir a rádh gur gnáthamh agus coinbhinsiún í an tragóid aige, cosúil leis an dóigh a mbíodh Séamus Ó Grianna ag athscríobh an scéil chéadna fán ghrádh éagmhaise nó leatrom.

Cibé fá dtaobh den athráiteachas seo, tá mé barúlach gur éirigh úrscéal amháin go seoigh ar fad le mo dhuine, mar atá, An tÉigipteach. (I ndiaidh an iomláin, siúd is gur chum "Máire" an scéal ceádna aríst agus aríst eile, is féidir a mhaíomh gur éirigh ceann nó cupla ceann den dúrud scéalta níos fearr leis ná an chuid eile.) Nó thar aon rud eile, is fáthscéal é ina gcuireann an t-údar síos ar bhealach mheafarach, shiombaileach ar imeachtaí na mblianta cinniúnacha i saol na hEorpa san fhíchiú haois ar mhair sé fríothu. Go bunúsach, tuairisc atá ann ar an dóigh a dtug an Faró Ekhnaton droim láimhe le hildiachas na hÉigipte agus le hadhradh an phríomhdhé udaí Ammon, agus é ag iarraidh Aton a chur ina áit mar aon Dia amháin. Anois, bhí dáimh ínteacht riamh ag seanghlúin an léinn Éigiptigh le hEkhnaton, cionn is go bhfuair siad a aondiachas comh cosúil sin leis an Chríostaíocht. Ba dóigh leofa go rabh Ekhnaton ar leibhéal níos airde sibhialtais toisc an cineál reiligiún a bhí sé ag iarraidh a bhunú. Bhí an dearcadh seo fosta ag Immanuel Velikovsky, an fear is mó asarlaíochta dár mhair riamh: sular chrom sé ar a chuid teoiricí a chur i dtoll le chéile fán dóigh a dtearn na pláinéid, mar dhea, léim a thógáilt trasna an spáis agus dhul ó chonair go conair - níor ghabh sé leor, fiú, le gnáthasarlaíocht, b'éigean dó teoiricí míréasúnta a chumadh a sháraigh gach a rabh ann roimh a lá féin! - sular chrom sé ar an chineál seo asarlaíochta, d'fhoilsigh sé leabhar inar léirigh sé bá den chineál chéadna le hEkhnaton, tráth a bhí an fíor-lucht léinn ag athrú a gcuid tuairimí i leith an Fharó áithrid seo cheana féin.

Is é an rud atá le rádh ag Stiofán Dutch ó Ollscoil Wisconsin i dtaobh Ekhnaton - Akhenaton, mar a litríonns sé féin an t-ainm, ach bíonn barúlacha éagsúla ag lucht an léinn Éigiptigh i dtaobh an traslitrithe chirt cibé - ná:

Rinne scríbhneoirí nua-aimseartha scéal rómánsúil de scéal Akhenaton. D'fhéach sé le painteon an reiligiúin Éigiptigh a chaitheamh i dtraipisí, in éineacht le cumhacht pholaitiúil na sagart, agus é ag iarraidh aon dia amháin - Aton - a chur os comhair na ndaoiní mar ábhar adhartha. Tá taithneamh ann dúinn, agus muid féin fáiscthe as idéil an aondiachais. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, tá an chosúlacht teoranta don dromchla amháin. Ní rabh i gcreideamh Aton ach adhradh na Nádúra ar bhealach fhuar fheanntach. B'é Ammon Dia na mbaintreach, na ndilleachtaí agus na ndaoiní faoi leatrom, ach b'é an dia seo an phríomhthargaid a bhí ag Akhenaton agus é ag iarraidh na seandéithe a chur ar ceal. Bhí Akhenaton ag iarraidh reiligiún na huasaicme a chur ar bun a bhainfeadh a n-aonsólás de na bochtáin.

Bhí an seandearcadh ag Waltari fosta ar Akhenaton nó Ekhnaton, mar a litrigh sé féin an t-ainm. Ach má bhí, bhain sé casadh ar leith as an scéal lena chur in oiriúint dá chuspóirí féin, agus é ag tabhairt cur síos ar choimhlint an Chumannachais is an Fhaisisteachais. B'iad lucht leanstana Ekhnaton na Cumannaigh, agus Ekhnaton féin curtha i láthair mar idéalach neamhphraiticiúil ar thuirsigh a bhean chéile féin sa deireadh thiar thall, nó bíonn an t-amadán sin ag labhairt fá dtaobh d'Aton s'aige sa leaba féin. Cibé fá idéalachas Ekhnaton féin, d'iompaigh lucht adhartha Aton amach chomh míthrócaireach le sagairt Ammon féin, siúd is go rabh Aton in ainm a bheith ag gealladh saol ar fónamh agus síocháin gan deireadh don tsaol mhór is dá mháthair, agus cogadh dearg á chur ag na hAtonaigh agus na hAmmonaigh ar a chéile an chuid is fearr den leabhar. Ach nuair a bhí an tír ar shéala titim as a chéile go doleigheasta ag cogadh seo na gcarad, tháinig Horemheb, a bhí ina chara ag Sinuhe, an dochtúir agus fear inste an scéil nuair a bhí siad ina mbuachaillí óga - tháinig Horemheb chun tarrthála don ríocht, ach ós rud é gur ginearál a bhí ann, fear mór póilíneachta, disciplíne agus cogaíochta, is iomaí duine a bhí thíos leis an tarrtháil sin.

Monday, July 07, 2003

Art Ó Cléirigh


Sin é an t-ainm cleite Gaeilge a thiocfadh leat a bhaisteadh ar an scríbhneoir Shasanach udaí Arthur C.Clarke, fear de lucht ceannródaíochta an fhicsin eolaíochta agus, mar a fuair mé amach le déanaí ag déanamh comhrádh ar an Usenet le cairde Fionlannacha na gné liteartha seo, scríbhneoir a maireann gnaoi na léitheoirí air i gcónaí. Cupla bliain ó shin, rith liom aithne úr a fháil ar a chuid saothar: nuair a chonaic mé a chuid gearrscéalta díolamtha in aon leabhar amháin - leabhar a rabh suaithníocht inti, thart ar mhíle leathanach ar fad - agus an bailiúchán seo ar díol ar phraghas thar a bheith réasúnta, cha rabh cloí na gcathuithe ionan sciob mé liom é. Ó shin, is minic agus is mionmhinic a chromanns mé uirthi, mar leabhar, agus cuimhní mo chéad óige ag teacht ar ais chugam gach uair dá gcaithim súil ar na scéalta seo.

Déanta na fírinne, dealraíonn sé nach bhfuil mise ar an t-aon duine amháin ins an tír seo a tháinig isteach ar an fhicsean eolaíochta bealach an Chléirigh. Is dócha gur thiar ins na seachtóidí a tháinig an chuid ab fhearr dá shaothar i gcló as Fionlainnis - is iad na saothair fhicsin atá i gceist agam, nó siúd is go bhfuil an fear i ndiaidh an dúrud aistí a chumadh fosta, níor bhac na foilsitheoirí Fionlannacha riamh ach lena chuid scéalta - úrscéalta thar aon chineál eile, ach tháinig díolaim chuimsitheach de na gearrscéalta i gcló thiar sna seachtóidí fosta. Bhí díospóireacht thaithneamhach chairdiúil chineálta agam ar an Eadarlíon le déanaí le duine nach mbím rómhór leis go ginearálta: dar leisean tá Clarke ar dhuine de chlasaicigh mhóra na gné liteartha seo i gcónaí, fiú beag beann ar an fhorbairt a rinne an scríbhneoireacht fhicseaneolaíochtúil ins an dá scór bliain dheireanacha. Tá mo dhuine cineál ródhíograiseach i dtaobh na "réabhlóide gnéis", nó tá sé ar dhuine acu seo a shíleanns gur dea-rud agus dea-chuspóir ann féin é an lánsaoirse chollaí agus an réabhlóid chraicinn. Ní rabh mé féin róshásta glacadh le soiscéala seo an ghnéis gan mo locht féin a fháil orm, fiú nuair a bhí mé i mo radacach óg. Mar sin, cuireann sé cineál isteach orm an domhan a shíleanns mo dhuine de "liobrálachas gnéis" an Chléirigh. Is é mo bharúil féin nach é an liobrálachas seo an chuid is tábhachtaí d'aisling na todhchaí i leabhair an Chléirigh, siúd is go bhfuil a fhios agam gur oibrigh sé isteach oiread áithrid de i gcuid dá scéalta le freastal ar an éileamh. Déarfainn féin nach rabh ann ach cineál tapadóireacht nó ócáidfhreastalacht. Nuair a chuaigh an craiceann i bhfaisiún, ghlac Clarke leis nach rabh cead a sheachanta aige ach oiread le haon scríbhneoir eile, má bhí sé lena sheanstádas a choinneáilt ar mhargadh an fhicsin eolaíochta, agus mar sin, chaith sé greim beag ilghráidh agus ilphóstaí isteach i Rendezvous with Rama mar spíosra, le fanúint bord ar bhord leis na forbairtí nua.

Dáiríribh, is é mo bharúil ná go rabh Clarke ar an bheagán de na luathscríbhneoirí ficseaneolaíochtúla a thuig nach mbeadh muintir na todhchaí ag déanamh páirte i mbrionglóid thodhchaí na ndaoiní eile, ach ag mairstint leofa agus ag streachailt leis an tsaol mar a dheánfadh duine ar bith in am ar bith. Bhí sé riamh in ann, fosta, greann den chineál chiúin a shamhlaítear leis na Sasanaigh (bhail, a shamhlaíonns muintir na dtíortha eile, seachas Éirinn, leofa..) a chleachtadh ina chuid scríbhinní, rud a chuidigh go mór leis an dóigh a dteachaidh na scéalta seo i bhfeidhm ar na léitheoirí. Cuid mhór de na húdair fhicseaneolaíochtúla, níor thuig siad riamh i gceart go bhfuil níos mó ná oiliúint eolaíochta de dhíth ar an té a chromanns ar scríbhneoireacht agus litríocht mar cheird - ar ndóighe, bhí aislingí agus brionglóidí draíochtúla ag cuid acu a thabhaigh léitheoirí dófa, ach nuair a thig an cruth ar an tairne, ní chreidim go bhfuil mórán mairsteana (nó marthana, b'fhéidir?) ina gcuid leabhar. An scríbhneoir nach bhfuil suim aige i ndaoiní ná cumas ann chun pearsana beo a chur os comhair an léitheora ní dóigh go léifear aon líne dár scríobh sé an lá is faide anonn, agus a chuid brionglóidí todhchaí fágtha chun deiridh ag na himeachtaí stairiúla.

Maidir le Clarke, bhí suim aige ins na daoiní, ach b'é suim an scríbhneora ghreannmhair é. Duine acu seo ar chardáil mé scéalta an Chléirigh leofa ar an Eadarlíon. bhí sé barúlach go rabh dúspéis na scéinséirí comhaimseartha i gcúlrú na mbithiúnach - i gcruatán a gcéad óige agus i mbréagshíceolaíocht - go rabh sé bunaithe ar chineál easpa sciliúlachta agus ar an neamhphroifisiúntacht: in áit glacadh leis nach n-éilíonn genre éadrom an scéinséara cúlrú síceolaíocht den tseort sin, cuireann scríbhneoirí éadroma den chineál seo geáitsí agus gothaí na síceolaíochta orthu féin; ach ós rud é nach bhfuil aon chiall cheart acu don tsíceolaíocht, ná fiú do shíceolaíoacht an ghnáthshaoil, ní thiocfaidh leofa ach cineál Freudachas bréige a tharraingt orthu; is dual don chineál seo scríbhneoirí a shílstint go bhfuil éacht mór millteanach éirithe leofa, agus iad i ndiaidh, cuir i gcás, slua-dhúnmharfóir a chumadh ar mharaigh an t-athair a choinín peata nuair a bhí an t-ábhar marfóra ina bhrín óg, agus míniú ins an mhíghníomh seo ar choireanna an bhithiúnaigh ó thús deiridh. Is éadócha go gcuirfeadh Clarke geáitsí den chineál seo air féin. Coinníonn sé é féin taobh istigh de shrianta a chumais féin, agus an chuid is mó den am, bíonn sé ag éirí leis go measartha, ar a laghad. Tá scéal le reic aige, scéal a éilíonns a cheart féin den chur síos ar na pearsana, agus é ag soláthar an oiread de agus atá de dhíth.´Ní dual ná ní gnách dó a dhul thar an riachtanas le haon rud, agus sin é an fáth go léitear a chuid saothar i gcónaí.