Saturday, December 20, 2003

Imeacht Phekka Siitoin


Ós rud é nach bhfuil mórán le rá agam thar a bhfuil ráite thíos [is é sin, ar "Plöki", áit ar chéadfhoilsigh mé an ghiobóg seo] agam i mo theanga dhúchais, sílim nach miste dom achoimre éigin a thabhairt air sin i dteanga bhinn na nGael anois. Thar aon rud eile, tá nuacht agam: fuair Ceannasaí uile-Fhionlannach na nua-Naitsithe - na Sóisialaithe Náisiúnta, más fearr leat an leagan áirithe sin - Pekka Siitoin bás i dtús na seachtaine. Is dócha gur taom croí ba thrúig bháis don fhear bhocht, nó go bhfios dom ní dhiúltaíodh sé riamh don bhraon bhorb, a fhad is a mhair sé. Ní chreidim go ndeachaigh an t-ólachán chun leasa dá shláinte, ar aon nós.

Bhí Siitoin ag cur faoi i Naantali, áit nach bhfuil suite i bhfad ar shiúl ó Turku féin. Cathair bheag bhídeach in aice na mara atá ann, áit thar a bheith álainn, agus gnaoi na dturasóirí uirthi. Ní shamhlófá le lucht na gcloigne feannta í ar aon nós ná slí, ach mar sin féin, sin é an saghas áit a raibh Siitoin ina chónaí.

Bhain Siitoin amach an chéad chlú, más féidir clú a thabhairt air, thiar sna seachtóidí, nuair a chuir seisean agus cupla fear de lucht a leanúna an chlólann úd Kursiivi le thine - clólann a bhí ann a phriontáladh Tiedonantaja, preasorgán na gCumannaithe Stailíneacha, agus mar sin, bhí go leor daoine liobrálacha féin sách tuisceanach i leith na gciontóirí. Ó tharla, áfach, gur tharraing an dóiteán dainséar éigin don tsaol mhór, bhí an breitheamh réasúnta dian ag daoradh an "cheannasaí" chun príosúnachta. Sìlim go bhfuair sé téarma cupla bliain, agus gur coinníodh istigh é go deireadh an téarma. Ar ndóigh, fear mór drámatúlachta a bhí ann a bhain deireadh suilt agus subhachais as an am a chaith sé ina chime, agus é go dána á chur féin i láthair an tsaoil mar "chime polaitiúil". Bhí blaisín beag den fhírinne ag roinnt leis an ráiteas seo, nó ghlac lucht an Rialtais an scéal i bhfad ní ba dáiríre ná mar ab fhiú, i ndiaidh an iomláin, agus an histéire a bhí orthu roimh aon rud a d'fhéadfadh súil na Sóivéidí a tharraingt orainn. Bhí na cumannaithe Stailíneacha ag rith damhsa ar fud na tíre, leithéidí Siitoin á spreagadh chun troda ina n-aghaidh, agus an rialtas bocht ag iarraidh an dá dhream a anacal is a theasargan ar a chéile agus a chinntiú nach mbeadh cúis ar bith ag na Stailínithe dul ag éileamh ar a gcuid cairde i Moscó, nó i Sráid na Monarchan, Uimhir a hAon (seoladh na hambasáide Sóivéidí i Heilsincí) a ladar féin a chur isteach i gcúrsaí inmheánacha na Fionlainne le fórsaí an "fhoráis" a chosaint ar ionradh na "bhfrithghníomhach".

Is dealraitheach nach ndearna sé aon mhórchoir eile i ndiaidh an choirloiscthe sin ar an gclólann. Is dócha go gcaitheadh sé a chuid ama, ó sin i leith, ag cóiriú mórshiúlta dá lucht leanúna, ag ól biotáille lena chuid cairde agus ag bualadh craicinn - teist ar mhná na Fionlainne is ea é nach raibh easpa ban riamh ag luí ar an bhfear seo, ach staonaim óna rá cén cineál teist. Mar sin, maireann a shliocht beo i gcónaí ar fud na háite, géaga glandaite mar a déarfadh an file.

Thursday, December 04, 2003

David Trimble agus Gaeilge Chúige Uladh


Tharla nach bhfuil ionam ach falsóir gan mhaith ar na saoltaibh seo nach mbacann le haon rud fónta a dhéanamh ar mhaithe leis an Ghaeilge, cha dtáinig mé ach inniu ar an qhuiz atá mo sheanchara Ciarán Ó Duibhin ag cur ar fáil do lucht na Gaeilge le fáil amach cá mhéad acu a chleachtanns Gaeilge Chúige Uladh dáiríribh. Is é an spreagadh a chuir i gceann na hoibre seo é ná an ráiteas a tháinig ó David Trimble le déanaí, go rabh muintir Bhaile Átha Cliath ag déanamh leithcheal ar na hUltaigh fríd Ghaeilge lár Éireann, cibé is brí le sin, a chur chun cinn. Is mór an t-ábhar gáirí domh a fheiceáil go dteachaidh an tsíorchasaoid Ultach sin a fhad le cinnire na nAontachtóirí anois!