Sunday, July 04, 2004

Datum: Wed, 30 Jun 2004 20:08:25 +0300

Från: Panu Petteri Höglund

Till: taoiseach@taoiseach.gov.ie, eu@taoiseach.gov.ie, eolas@pobail.ie

Cc: aoife@cnag.ie, info@fiannafail.ie, fgmedia@indigo.ie, press@labour.ie, soshea@oireachtas.ie, srawson@oireachtas.ie, sinnfeinpress@oireachtas.ie

Ärende: Stadas na Gaeilge san Aontas Eorpach (Litir Oscailte chuig an Taoiseach)



A Thaoisigh, a chara,



Go nuige seo, bhí mise, chomh maith leis an gcuid eile de lucht éilithe
an Stádais, sásta leis an míniúchán a fuair muid uait, mar atá, nach den
ghnáthchuibheas ná den ghnáthbhéasaíocht é ceist na Gaeilge oifigiúla a
ardú leis na tíortha Eorpacha eile, fad is a fhanfaidh Éire i mbun na
hUachtaránachta. Anois, áfach, tá lá na cinniúna ar tí gealadh, agus
bíodh a fhios agat nach ndeachaigh muidne ón stáitse ar aon nós. Ní
bheidh tú in ann an cur ó dhoras sin a thairiscint dúinn a thuilleadh.



Is é an toradh a léigh muid ar phobalbhreith i ndiaidh a chéile, ná, go
bhfuil an Ghaeilge ag teastáil ó fhormhór mór mhuintir na hÉireann. Ní
bheadh an Stát féin ann, ach go bé gur chuir Conradh na Gaeilge bun
leis, breis is céad bliain ó sin. Forbairt a bhí ann nach bhfaighfeadh
muintir na mballstát nua in Oirthear na hEorpa dothuigthe ar aon nós.
B'iomaí tír acu ina raibh an tseanteanga faoi chois, cosúil leis an
dóigh a raibh an Ghaeilge féin, thiar san naoú haois déag. Ní raibh
teanga mo dhúchais féin go rómhaith as. Mar sin féin, le cúnamh Dé,
d'éirigh le muintir na Seice is le muintir na Slovaice, le muintir na
Fionlainne is le muintir na Slóivéine, ár gcuid teangacha a ardú ar aon
leibhéal leis na teangacha cultúrtha eile.



Sa naoú haois déag, ní raibh fágtha den tSeicis féin ach dornán canúintí
scoite scartha ar fud na gceantar tuaithe, agus an teanga i bhfad tar
éis bháis i gcathracha na Bóihéime is na Moraive féin. Ós rud é go
bhfuil staidéar déanta agam féin ar stair na dtíortha Gearmáinise, tá a
fhios agam go raibh níos mó Seicise á labhairt i Vín ná i bPrág, nuair a
chrom Bozena Nemcová, an clasaiceach Seiceach, ar "Pheig" na Seiceach -
an t-úrscéal úd "Babicka" ("Mamó") - a scríobh. Inniu, áirítear an
tSeicis ar ceann de na teangacha is tábhachtaí ó thaobh an chultúir de
sa saol Slavach - rud atá cruthaithe ag scríbhneoirí móra ó Kharel Capek
go Jaroslav Seifert, ó Jaroslav Hasek go Bohumil Hrabal. Agus tá an
tSeicis á saothrú ina lán ollscoileanna ar fud na hEorpa agus an
domhain, ós í an litríocht mhaith buanú na teanga.



Anois, agus na ballstáit nua istigh, beidh tóir buile againn, ag na
"sean-Eorpaigh", ar a gcuid teangacha. Leis na blianta beaga anuas,
feicim féin na mic léinn Eorpacha ag tonnadh isteach san Fhionlainn le
mo theanga dhúchais féin a fhoghlaim. Ó chuaigh muid isteach san Aontas,
fuair ár dteanga féin stádas agus dínit nua ar an gcoigríoch. Tá an
t-ardú stádais céanna ag dul don tSeicis is don Pholainnis, don
Eastóinis agus don Liotuáinis, don Mháltais agus don tSlóivéinis. Cad
chuige a ndiúltófaí an Ghaeilge faoi?



Ón taobh eile de, tá daoine sna ballstáit nua - na mílte acu - a bhfuil
an Ghaeilge ag teastáil uathu. An fear ríomhchothbhála atá ag coinneáil
suíomh na hirise gréasáin úd "BEO" ag imeacht, is Seiceach é, agus níl
caill ar bith ar a chuid Gaeilge. Níl ann féin ach sampla amháin. Nuair
a d'fhéach mise le cúrsa Gaeilge do chainteoirí na Fionlainnise a chur
ar fáil ar an Idirlíon, ba mhór an t-ábhar iontais dom féin an oiread de
mo chomhthírigh a bhfuil an teanga de dhíth orthu. B'fhéidir, áfach, nár
chóir dom an oiread sin iontais a dhéanamh de. Nó is amhlaidh gur léigh
muid ar fad ar ár gcuid téacsleabhar scoile sa Gheograife gurb iad "iiri
ja englanti", an Ghaeilge agus an Béarla, an dá theanga oifigiúil in
Éirinn. Ós dual don duine bheith fiosrach, chuir daoine óga eile seachas
mé féin sonrú san ainm aisteach sin "iiri", agus iad ag éileamh
tuilleadh eolais i dtaobh a leithéid de theanga anois. Cé a chuirfidh an
t-eolas sin ina n-aice? Nach é dualgas náisiúnta na hÉireann é, ós rud é
gurb í Poblacht na hÉireann tír dhúchais na Gaeilge, an teanga a chur in
aice láimhe dóibh siúd sna tíortha Eorpacha a bhfuil suim acu inti, agus
- thairis sin - eolas ina taobh a scaipeadh ar fud na hEorpa lena
chinntiú go bhfuil a fhios ag gach aon duine an Ghaeilge a bheith ann
mar theanga, le go bhféadfaidís í a fhoghlaim, más rogha leo é?



An síleann tú, dáiríre, nach cuid de chúraimí Stát na hÉireann a
leithéid d'obair? Is cuid lárnach de chultúr gach ballstát teanga na
tíre - ní eisceacht í Éire. Is cuid de bhunobair an Aontais na tíortha a
thabhairt in araicis a chéile agus na teangacha a chur ar fáil do
shaoránaigh na dtíortha eile, le go bhféadfaimis dul i dteagmháil le
chéile ar bhonn cothrom agus le go mbeadh a chead ag gach saoránach sult
a bhaint as cultúr na mballstát eile. Is é an dóigh is fusa leis an
gcuspóir seo a chur i gcrích don Ghaeilge ná teanga oifigiúil de chuid
an Aontais a ghairm di, ar bhonn cothrom leis an bhFionlainnis, leis an
tSualainnis, leis an bPolainnis agus leis an nGearmáinis, le cupla
sampla a thógáil.



An síleann tú gur airgead amú is obair in aisce atá ann? Sin é an rud a
shíl go leor Fionlannaigh féin, nuair a chuala siad go raibh stádas
oifigiúil dlite dár dteanga-ne san Aontas. Dúirt siad nach mbeadh ann
ach cur i gcéill, nach mbacfadh aon duine san Eoraip le teanga chomh
beag, chomh suarach leis an gceann seo againn a fhoghlaim. Inniu, áfach,
tá a mhalairt de phort á sheinm. Inniu, cloisim scoth na Fionlainnise i
mo chathair dhúchais féin ag mic léinn ón nGearmáin ís ón Iodáil, ón
bhFrainc is ón Spáinn, agus, ar ndóigh, ó oileán iathghlas na naomh is
na n-ollamh féin.



Sin é an cineál todhchaí atá dlite don Ghaeilge féin, ach tusa do lámh
uilechumhachtach a ardú agus an Stádas a iarraidh don Ghaeilge ar an
Aontas. Sin é toil an phobail, sin é toil an tSeanaid agus sin é toil na
Dála. Agus, fosta, tá sé d'éadan agam a rá gurb é sin toil agus leas na
hEorpa, i ndiaidh an iomláin.



Ar Lá Mór an Stádais, agus Mí Aibreáin ag druidim chun deireanais, thug
mé óráid bheag uaim os comhair Theach Laighean, le dlúthpháirtíocht na
hEorpa le lucht Stádais a chur in iúl. Níl mé cinnte, ar chuala tú mé an
uair sin. Mar sin, is maith liom deireadh na hóráide sin a tharraingt
orm arís:



Deirtear gur le muintir na huile Éireann an Ghaeilge. Ach dáiríre, níl
ann ach cuid den fhírinne. Is le muintir na huile Eorpa í len í a
fhoghlaim agus le staidéar a dhéanamh uirthu, ar an gceol Gaelach agus
ar litríocht na Gaeilge ó Raiftearaí go Seosamh Mac Grianna Teastaíonn ó
mhuintir na hEorpa áiseanna foghlama na teanga a bheith acu. Tabhair
dúinn iad, a Thaoisigh. Tabhair an tseanteanga Eorpach seo ar ais dúinn.
Cá bhfuil an Ghaeilge agat, a Thaoisigh? Tabhair ar ais do mhuintir na
hEorpa í.