Monday, November 15, 2004

Arafat


I dtús báire, ní mór dom a rá nach bhfuil mé in ann mórán comhionannú a dhéanamh leis na mothúcháin mhóra a spreagann pearsa Arafat anseo agus ansiúd. Sceimhlitheoir ab ea é, ceart go leor, ach ón taobh eile de, bhí cuid nach beag den cheart aige nuair a phointeáil sé amach in agallamh éigin na blianta fada ó sin gur iar-sceimhlitheoirí a bhí i roinnt mhaith de na polaiteoirí Iosraelacha freisin. Nó is fíor é gur chaith cuid mhór de sheanghlúin na bpolaiteoirí Iosraelacha a seal i ndreamanna sceimhlitheoireachta, cosúil le Irgun Tz'vai Le'umiLohamei Herut Israel ("drong Stern", mar a bhaist na Sasanaigh ar an ngrúpa sin, ós rud é gur fear darbh ainm Abraham Stern a bhí i gceannas air). Arm polaitiúil is ea í an sceimhlitheoireacht agus torthaí inbhainte amach léi; scéal eile ar fad, áfach, go raibh cuspóir ceart soiléir sainithe ag lucht an tSiónachais, i gcruth is go raibh siad ábalta éirí as obair an sceimhlitheora nuair a bhí an cuspóir sin sroichthe acu. Thar aon rud eile, bhí fios a gcuspóra acu agus iad in ann cloí leis an gcuspóir sin go daingean, rud nach bhféadfá a rá i dtaobh Arafat: chuirfeadh sé gothaí an tsíochánachais air féin inniu, ach amárach, d'fhéadfadh sé a fhógairt go raibh sé le teacht go hIarúsailéim ar muin chapaill in éineacht leis an mbráthair Saddam.


Ós rud é gur fhás mé aníos i mblianta na gluaiseachta síochána i dtús na n-ochtóidí, ní féidir liom a thuiscint an dóigh a mbíonn cuid mhór d'aos óg an lae inniu ag adhradh Arafat mar a bheadh laoch mór ann agus anam glan neamhchiontach macánta aige. (Iad siúd a deir gur fear lách deas a bhí ann, creidim an méid sin uathu go réidh, ach mar a dúirt Isaac Asimov: gentlemen fight wars, too, bíonn na fir uaisle féin ag fearadh cogaí ó am go ham, agus lena chuid cogaí a chur, caithfidh an fear uasal féin dul i dtuilleamaí bithiúnaigh chranraithe mar lucht cuidithe.) Nuair a bhí mé féin i mo bhrín óg idéalach, chuaigh sé rite liom mórán céille a bhaint as an Meán-Iarthar nó mórán bá, luiteamais nó dáimhe a ghlacadh le ceachtar den dá thaobh. Ón taobh eile de, siúd is go raibh an domhan mór agus a mháthair scanraithe amach roimh an tríú cogadh domhanda san am sin, níor chreid mé go mbeadh na cumhachtaí móra ró-araiciseach le cogadh a chur faoin gcearn áirithe sin den domhan nach raibh ann go bunúsach ach ábhar trioblóidí. Nuair a chuaigh na Stáit Aontaithe ag déanamh taidhleoireacht na ngunnaí móra sa Liobáin - is é sin, chuir siad long chogaidh dá gcuid ag cóstóireacht in aice le Beirut, ag scaoileadh gunnaí san aer agus ag cur in iúl do mhuintir na háite ar gach aon dóigh go raibh na Meiriceánaigh i láthair agus iad gléasta armáilte dainséarach - b'é an chiall ba túisce a bhainfeá as an scéal ná go raibh siad chomh trí chéile liom féin ag iarraidh praiseach an Mheán-Oirthir a thuiscint, ach, mar sin féin, gur mhothaigh lucht a rialtais go raibh sé de dhualgas orthu cibé rud a dhéanamh, le súil is go mbeadh rud fónta ann i ndeireadh na dála. Tá mé, fiú, den bharúil nach impiriúlachas toilghnústa atá i gceist leis an tacaíocht atá Iosrael a fháil ó na Stáit, ach iarracht eile, más ciotach féin í, freagracht éigin a ghlacadh, agus ós rud é go bhfuil inneall agus eagar níos fearr ar lucht tacaíochta Iosraeil sna Stáit ná ar chairde na nArabach, agus dintiúirí daonlathacha acu nach bhfuil ag na hArabaigh, is beag is ábhar iontais é go gcloistear a nguth níos airde i gcúirt na cumhachta.

Is cuimhin liom an uair thiar sna hochtóidí a tháinig Arafat chun na Fionlainne, i ndiaidh dó cuireadh a fháil ó Johannes Virolainen, an seanpholaiteoir de chuid pháirtí na bhfeirmeoirí, atá ag iompar na bhfód é féin le cupla bliain anuas. Is iomaí duine a ghlac fearg le Virolainen ansin, agus iad ag rá gur "mór an smál ar do chlú bithiúnach na cídeoige móire a iarraidh isteach chugainn", ach maidir liom féin, bhí dearcadh praiticiúil pragmatúil agam mar a shamhlófá le Fionlannach. Is é an rud a deireadh an sean-Uachtarán Kekkonen lena lá, ná, nach í páirt an bhreithimh ach páirt an dochtúra ba chóir don Fhionlainn a dhéanamh i bpolaitíocht an domhain, agus má bhí leigheas le teacht ar ghalar an Mheán-Oirthir choíche, b'é an rud ba chiallmhaire a cheapadh ná go gcaithfí a bheith ag comhoibriú le hArafat chomh maith leis na cinnirí eile. Tá mé i gcónaí den bharúil nach drochréasúnaíocht a bhí anseo ar aon nós nó slí. B'é oighear an scéil é, áfach, nach raibh sé de ghustal in Arafat a chuid féin den obair a dhéanamh.


Ar ndóigh, bhí an Eoraip go mór mór ar strae agus an dóchas a bhí ag na daoine ansin as Arafat i gcúrsaí na síochánaíochta. Ar bhealach, níl sé éagsúil leis an mbotún ba ghnách do na Meiriceánaigh a dhéanamh i Meiriceá Theas - is é sin, dul i gcomhghuaillíocht le deachtóirí is le drongcheannasaithe ("godfathers"). Drongcheannasaí a bhí in Arafat, ar bhealach, nó taoiseach patrarcach agus é go mór mór i dtuilleamaí na cumhachta a bhí dlite dó mar dhuine den tsean-uasaicme fheodach, maille leis an údarás a bhí ag dul lena ghaisce mar threallchogaí, ar ndóigh. Cibé scéal é, ní raibh sé ag iarraidh réabhlóid a chur suas taobh istigh de struchtúir shochúla na bPalaistíneach féin ná an tsochaí sin a chur ar bhealach na nua-aimsearthachta. Oifigeach uasalaicme nó taoiseach clainne a bhí ann, seachas oifigeach de phór na scológ a rinne a bhealach suas as measc na ngnáthshaighdiúirí. Agus é ag stiúradh is ag rialú na bPalaistíneach mar is dual don taoiseach clainne, fosta. Nó is díol suntais é nach bhfuair muidne aithne cheart ar na cinnirí tábhachtacha Palaistíneacha eile ach le déanaí - go nuige seo, b'fhearr le hArafat ionadaíocht aonair a dhéanamh thar cionn a mhuintire, agus b'é sin a chaill é sa deireadh thiar thall, is dócha. Ón taobh eile de, b'é a chabhóg é i ndiaidh an iomláin gur taoiseach treibhe a bhí ann: mar thaoiseach treibhe, chaithfeadh sé dílseacht a thabhairt do gach aon fhaicsean Phalaistíneach san am chéanna, iad siúd san áireamh nach raibh socrú na síochána iontu.

Ní raibh Arafat ábalta brathladh a chur ar na "frontaí pobail Iúidéacha" éagsúla (más ceadmhach dom tagairt a dhéanamh do "Bheatha Bhriain" as ceárta Monty Python), Hamas, an Sítheád agus Briogáide Mhairtírigh al-Aqsa, ós rud é nach raibh sé sásta an lansóireacht riachtanach pholaitiúil a dhéanamh. Chaithfeadh sé cuid dá mhuintir a ghearradh amach agus troid a chur orthu le lámh láidir, mar a rinne Mícheál Ó Coileáin, lena lá. Dá mbeadh cinnire meáite polaitiúil ann, a bhfuil aisling a chuspóra agus fios a ghnó aige, d'fhéadfadh sé an lansóireacht a dhéanamh dá phianmhaire í. Ach ní raibh comhábhair Mhíchíl Uí Choileáin i mo dhuine. Ní raibh sé ábalta aon chomhghéilleadh síochána a reic lena mhuintir, ná aon chogadh cathartha a chur ar na fórsaí róradacacha leis an gcomhghéilleadh sin a thabhairt i gcrann - ná dul sa seans go maródh a chuid iar-chomrádaithe é féin i bpáirc áir an chogaidh chathartha.

Tá mé fiú sásta a chreidiúint go raibh fonn ionraic ar Arafat deireadh a chur leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar Iosrael, ach ní raibh údarás a stoptha aige. Ní fhéadfadh sé a bheith dóchasach as na póilíní Palaistíneacha na ciontóirí a ghabháil, ná as na cúirteanna Palaistíneacha pionóis a ghearradh dóibh, ná as na príosúin Phalaistíneacha iad a choinneáil istigh. An cineál údaráis a bhí ag Arafat, cheadaigh sé dó an troid a choinneáil ag imeacht, ach ní raibh Arafat i dteideal deireadh a chur leis an gcogadh - ní raibh an t-údarás eile sin aige. Le sin a dhéanamh, bheadh comhrialtas na bhfaicsean Palaistíneach go léir de dhíobháil - an cineál comhrialtais nár lig Arafat dó teacht ar an bhfód riamh.

Thagair Declan Kiberd ina leabhar Inventing Ireland do Franz Fanon nó do smaointeoir iarchoilíneach eile agus é ag rá gur dual do chinnire an stáit iarchoilínigh an t-am ar fad a chaitheamh ag ceiliúradh imeachtaí chogadh na saoirse in éadan na cumhachta coilíní, ós rud é nach bhfuil sé in inmhe an todhchaí a oscailt don tír. Sin í an duáilce is dual do chinnirí treallchogaíochta ar nós Arafat nó Fidel Castro: ní féidir leo éirí as an treallchogaíocht in am le modhanna eile polaiteoireachta a tharraingt orthu. Bhí an priacal ann go rachadh Iosrael féin an bealach céanna, nó tar éis an tsaoil bhain Iosrael féin amach a neamhspleáchas ón mBreatain Mhór le lámh láidir an treallchogaí, agus ní raibh aon chinnteacht ann, i dtús báire, go n-iompódh Iosrael amach ina stát nua-aimseartha forbartha.

Sa radharc is dúisithí den mhórscannán úd Exodus, claochlaíonn Paul Newman ó oifigeach Sasanach go sábra Siónach, de réir mar a dhruideann an long isteach leis an gcuan - is é an t-imprisiún a fhágann an radharc ort ná go raibh an sábra riamh ann faoi chlúdach bréige an oifigigh Shasanaigh, agus, leis an imprisiún a fhairsingiú ar an tsochaí iomlán: go raibh "Iosrael an chroí istigh" riamh ag fanacht le lá a bhreithe faoi chlúdach bréige Shainordú Briotanach na Palaistíne. Is é an míniú is réidhe a ritheann liom ar an mbláth a tháinig ar Iosrael (amach ón tacaíocht a fhaigheann siad ó na Stáit Aontaithe - ach is cuid den bhláth é chomh maith is a d'éirigh leis na hIosraelaigh teacht ar chomhghuaillí chomh láidir sin nach dteipeann orthu) go raibh cultúr agus struchtúr sóisialta an stáit nua ann cheana féin, i bhfoirm éigin, sa Sainordú i bhfad sular tháinig stát Iosraeil féin chun saoil. Botún mór de chuid Arafat ab ea é nár lig sé riamh do na Palaistínigh córas ceart daonlathach iolraíoch, le páirtithe éagsúla polaitíochta, a thógáil, i gcruth is go mbeadh "Palaistín an chroí istigh" ann i bhfad roimh chruthú an stáit neamhspleáigh do na Palaistínigh. D'éileodh a leithéid go mbeadh toghcháin shaora ann - rud atá deacair a chur i gcrích, a fhad is a fhanann an chuid is mó de na Palaistínigh scaipthe ar fud leath an domhain, ach níl sé dodhéanta, go háirithe i bhfianaise na forbartha teicneolaíochta agus an Idirlín - ach, thar aon rud eile, d'éileodh sé go mbeifí admhálach go bhfuil coimhlintí móra idir na faicsin éagsúla Phalaistíneacha, agus nach mbeidh teacht aniar ar bith sa stát nua ach na coimhlintí seo a réiteach ar bhealach éigin, agus na grúpaí éagsúla á dtabhairt in araicis a chéile - nó, fiú, bata is bóthar a thabhairt do na dreamanna nach bhfuil sásta le haon chineál comhghéilliúlacht.

I ndiaidh bhás Arafat, tá an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil sé níos indéanta anois comhrialtas comhghéilliúil a chur ar bun do na Palaistínigh go léir. Níl mé chomh héadóchasach is go sílfinn go bhfuil lucht na bhféasóg mór ag dul ag marú a chéile anois le fáil amach cé acu acu a rachaidh i mbun na gcúrsaí i ndiaidh Arafat, agus fonn ar gach aon Iznogoud acu an chailifeacht a shealbhú. Sílim go bhfuil an crothán sin céille ag lucht na gcídeog féin is go dtuigfidh siad chomh tábhachtach is atá sé daonlathas de shórt éigin a chur ar bun, anois, agus deis a dhéanta acu. Scéal eile, áfach, an bhfuil Mícheál Ó Coileáin dá gcuid féin acu - an fear a mbeadh de mhisneach ann comhréiteach a lorg ó Iosrael beag beann ar an gcuid is radacaí de na Palaistínigh agus an comhréiteach a thabhairt i gcrann i ndiúnas ar na radacaigh sin dá bhagraí iad.