Wednesday, December 22, 2004

Doimhneacht na Spéire


Cupla seachtain ó shin, bhronn mé orm féin dhá leabhar ficsin eolaíochta, A Deepness in the Sky agus A Fire Upon the Deep, le scríbhneoir a chuala mé á mholadh go hard na spéire (sic) ag uasal is ag íseal, mar atá, Vernor Vinge. Má bhain mé an chiall cheart as na léirmheasanna, scríbhneoir "ceoldrámaíochta spáis" atá i mo dhuine, is é sin, scríbhneoir ficseaneolaíochtúil den chineál a thugann grá a chroí don chanbhás leathan - chomh leathan le Bealach na Bó Finne agus chomh fada le leathlámh an réaltra - agus do na holleachtraí a shroicheann ón áit seo go críocha na héigríche. Ós rud é gurb é an t-ainm atá ag na réalteolaithe ar na réaltraí is faide amuigh agus ar na grúpaí de réaltraí ná réadanna na spéire doimhne, tugann an teideal sin Doimhneacht sa Spéir le fios go mbeidh teorainneacha Chlaí Mór na Réaltaí féin sáraithe an turas seo. Feicfidh muid. Ní raibh d'uain agam go fóill radharc ceart a fháil ar an dá úrscéal sin.


Dealraíonn sé, áfach, agus mé i ndiaidh cupla leathanach a léamh anseo agus ansiúd, gur ceann de na ceoldrámaí spáis é seo atá doirte don trasdaonnachas, mar a thugtar ar an teicnireiligiún is úire amuigh ar na saolta seo. Is é is brí leis an trasdaonnachas ná sórt gluaiseacht idéalach, ach is é an t-idéal atá acu ná coinníollacha na colainne daonna a tharchéimniú agus d'intinn a "uaslódáil" ar chruadhiosca. Mar sin, is é an aisling atá acu ná saol iarbháis mar fhéidearthacht de chuid na teicneolaíochta, seachas mar gheallúint de chuid an reiligiúin. Níl siad féin admhálach gur reiligiún atá i gceist leis an trasdaonnachas, ach is ar éigean is féidir a mhalairt céille a bhaint as an seó bóthair atá siad a dhéanamh de, dháiríre. Nó tá siad an-chosúil le Finnéithe Iehóva ina síordhíograiseoireacht, agus cuma cé acu a thaithníonn aisling na beatha síoraí ar an gcruadhiosca liom nó nach dtaithníonn, ní hiad lucht leanúna an trasdaonnachais an dream is mó a shantóinn mar chuideachta san áit, cibé áit, a gcaithfinn mo shíoraíocht féin. Nó cosúil le go leor biogóidí creidimh eile, tá siad imithe chomh bán faoin saol eile sin agus gur cuma leo faoin saol seo - agus, mar a dúirt Pertti Hemánus, an té a dhéanann a bheag d'éagóir an tsaoil seo, tá dímheas aige ar an duine daonna féin. Thar aon rud eile, is cuma leo faoin gcultúr - faoi rudaí cosúil leis an nGaeilge féin, abair - nó is é a ngéarbharúil ná gur sórt mímhorálta an mhaise duit do chuid ama a chaitheamh i mbun mireoige atá chomh suarach sin i gcomparáid lena n-aisling uasal oirirc uile-athraitheach féin. Ní thuigeann siad, má bhaineann siad amach beatha shíoraí ar an gcruadhiosca d'intinn an duine, go mbeidh atuirse, dúlagar intinne agus leadrán gan a mhacasamhail féin ag bagairt ar an intinn bhuanaithe sin, ach an chuid eile againn a bheith ag táirgiú cultúr, scéalaíocht agus saoltaithí fíorúil dó.

Sunday, December 19, 2004

An Nollaig sna Fonsaí Tógála


Chuaigh mé thart leis an chéad laindéar sneachta sa gheimhreadh seo. Níl a fhios agam an mbíonn a ndóthain sneachta ag na páistí Éireannacha le laindéir shneachta a thógáil, ach is é an cineál rud atá i laindéar sneachta ná cineál pirimide atá curtha i dtoll le chéile as liathróidí sneachta. Is é an sórt liathróid shneachta atá i gceist ná an cineál a úsáidtear mar urchar i gcogadh sneachta na bpáistí: liathróid atá ar aon mhéid leis an dorn, agus í casta le chéile as sneachta. Anois, in áit na liathróidí seo a chaitheamh leis an chéad smuilcín eile dá gcastar ort, is féidir pirimid bheag a thógáil astu thart ar choinneal lasta.