Sunday, January 02, 2005

Duibheagáin na Spéire ar Dheasc an Ríomhaire


Ó tharla go raibh mé díreach ag obair ar Chiclipéid na hOllchruinne, cheannaigh mé beagnach de thaisme an CD-ROM réalteolaíochta úd Redshift Five, nó Deargaistriú a Cúig. (Mura bhfuil a fhios agat: is é is deargaistriú ann ná an dóigh a mbíonn línte Fraunhofer, nó na sainlínte speictreacha is dual do gach dúil cheimiciúil, ag dul i dtreo na deirge, is é sin, an tonnfhad ag dul chun méadaíochta agus an mhinicíocht ag dul i laghad, má tá an solas ag teacht ó rinn neimhe atá ag druidim ar shiúl uainn. Is é an solas dearg an cineál solais infheicthe is mó tonnfhad, sin é an tuige go dtugtar DEARGaistriú air. Toradh is ea é an deargaistriú d'iarmhairt Doppler. Is féidir dearcadh ar an solas mar bhíoganna, agus más ag druidim amach uainn atá foinse an tsolais, tá na bíoganna ag teacht níos tanaíocha sna sálaí ag a chéile, rud a bhaineann den mhinicíocht agus a chuireann leis an tonnfhad.) Dháiríre, is mór an gheit a bhain sé asam nuair a chonaic mé an bréagán seo ag obair an chéad uair! Tá sé i bhfad níos fearr ná aon ríomhchluiche! Ar ndóigh, thuairteáil sé cupla uair cheana féin, agus b'éigean dom é a athshuiteáil ar an diosca crua. Is dócha go bhfuil sé ag cur acmhainní an ríomhaire in aice a ndeiridh, ach is dócha freisin nach bhfuil mé féin, go simplí, eolach ar bhealaí an ghléis.