Sunday, April 03, 2005

Eoin Pól a Dó, mar is cuimhin liom é


Is é an scéal atá ar fud an domhain inniu ná go bhfuil Karol Józef Wojtyla ó Wadowice, nó an Pápa Eoin Pól a Dó, i ndiaidh slán a fhágáil againn, agus deifre air le coinne a choinneáil leis an chéad Phápa, mar atá, an tAspal Peadar ag doras na bhFlaitheas. Níl a fhios agam, an féidir liom, mar Phrotastúnach patuar, mórán a rá i dtaobh an fhir féin. Tá mé sách sean le cuimhne a choinneáil ar an lá ar vótáil tionól rúnda na gcairdinéal isteach é. San am sin, bhí mé i mo bhuachaill bheag ag dul ar an gcúigiú rang den scoil chuimsitheach, nó abraimis go raibh mé sa chúigiú leabhar - sin é an dóigh a gcuireadh Seán Bán Mac Meanman i bhfocail é, agus bhí mé sách macánta, sách saonta i mo chreideamh féin. Bíodh is gur cuid shuntasach é de thabhairt suas an Phrotastúnaigh óig san Fhionlainn féin bheith mímhuiníneach as an Eaglais Chaitliceach, an "Eaglais Íosánach" úd, bhí sórt cumha orm i ndiaidh an t-Aon Eaglais Amháin a bhí ann roimh an scoilt idir an Róimh agus Constantanópal (gan trácht ar bith a dhéanamh ar Liútar s'againn féin). Sa deireadh thiar thall, theastaigh uaim suí síos ag aon chuibhreann le hÍosa agus A chuid Aspal féin, nuair nach raibh peaca agus saorthoil na ndaoine tar éis an t-aon chreideamh fíor a chur ó mhaith go fóill le cogaíocha creidimh, le fímínteacht ná le trádáil na loghanna. Mar sin, theastaigh uaim ar bhealach sách doiléir go mbeadh duine éigin cosúil leis an bPápa ann, ach é a bheith in ann labhairt thar cionn na Críostaíochta go léir agus brathladh a chur ar cheannairí an uile dhomhain, idir an Rúis Shóivéadach, na Stáit Aontaithe agus an tSín. Bhí Dia ann, gan amhras gan dabht gan déidearbhadh, ach bhí Sé tar éis an cinneadh a ghlacadh go bhfanfadh Sé taobh thiar den léaslíne, agus an chuid is mó den ghnó a fhágáil fúinn féin.

Sa bhliain chéanna a bhásaigh Pól a Sé, i ndiaidh dó níos mó ná fiche bliain a chaitheamh i mbun na gcúrsaí - beagnach chomh fada le hEoin Pól a Dó féin. Ábhar suntais agus iontais é chomh fada ar shiúl agus a bhí an Fhionlainn ón saol Caitliceach ag an am, nó siúd is gur fhoilsigh an iris sheachtainiúil úd Suomen Kuvalehti feartlaoi fhada do Phól, thug an t-údar "Pius" air ó thús deiridh an ailt. San am sin, is beag trácht a bhí ar chúrsaí na hEaglaise Caitlicí inár saol poiblí, agus sílim gurbh é an t-eagrán Fionlainnise den Reader's Digest an meán cumarsáide ba mhó a thagair don Phápa inár dteanga féin sna blianta sin. Is amhlaidh go raibh Pius ar go leor Pápaí le dhá nó trí aois anuas, agus nuair a bhí an Digest (cén Ghaeilge a bhaistfeá ar an Reader's Digest, dála an scéil? Díolaim an Léitheora? Nó Rogha an Léitheora? Valitut Palat, nó Rogha na nGiobóg, atá air i mo theanga féin) ag plé le himeachtaí agus le pearsana móra na staire, ón bPrionsa Metternich go Hitler, ní dhearna siad dearmad de na tagairtí cuí don rud a bhí le rá ag an bPápa i leith na n-imeachtaí stairiúla a bhí á gcardáil. Agus sa chuid ba mhó de na cásanna, bhí Pius ar an bPápa, cé nárbh é an Pius céanna gach uair acu. Mar sin, bhí muintir na Fionlainne chomh cleachta leis na focail "Dúirt an Pápa Pius a [uimhir] seo nó siúd..." agus gur tháinig sé ó dhúchas le húdar na feartlaoi Pius a dhéanamh de Phól féin.

I ndiaidh Phóil, b'é Eoin Pól a hAon a ghlac an halmadóir. Albino Luciani a bhí air sular gaireadh Pápa de. Thaitin Luciani go mór mór liom, agus mé i mo bhuachaill beag, nó seanfhear lách cineálta a bhí ann nár thréig an aoibh gháire riamh a bhéal. Iodálach go smior a bhí ann, Iodálach den chineál is fearr a thaitníonn linn go léir - uncail deas a thugann an grá céanna do pháistí an chomharsanaigh agus dá chlann féin. Admhaím gur cúis fhíorbhróin ab ea é a bhás dom féin, nó níor mhair sé ach mí i ndiaidh a insealbhaithe. Mar is eol dom inniu, chuir an bás tobann roinnt mhaith teoiricí comhcheilge den chineál a sháraíonn an tseafóid uafásach úd Da Vinci Code lá ar bith. Is é an chéad teoiric acu ná go raibh Luciani tuisceanach i leith na frithghiniúna mar rud agus gurbh é sin a chaill é, nuair a chuir sé míchompord ar na frithghníomhaigh sa Vatacáin. Bhuel, sin é an leagan a rithfeadh le gach aon "intleachtóir" den chineál sin a thugann dá bhod féin an urraim is dual do Dhia, ach ós rud é go raibh Luciani sách coimeádach i gcúrsaí na diagachta morálta é féin, níl sé doiligh an leagan sin den scéal a chaitheamh i dtraipisí. Tá craiceann i bhfad níos inchreidte ar an dara leagan a deir gur scuab nua a bhí i Luciani agus é meáite ar táblaí na malartóirí airgid a iompú bun os cionn agus lucht díolta na gcolm a ruaigeadh as teampall Dé - go raibh sé, thar aon rud eile, le súil ghéar a chaitheamh ar an mbaint a bhí ag sagairt áirithe i ndeisceart na hIodáile le camghnótha na Maifia. B'as Tuaisceart na hIodáile d'Albino Luciani féin, nó rugadh i gcúige Vittorio Veneto é, agus shílfeá gur dual dó bheith drochamhrasach i leith an Deiscirt, tír dhúchais na Mafia.

Is é an tríú leagan a chreidim féin, áfach, an leagan oifigiúil: seanfhear soineanta sochomhairleach a a bhí ann, mar Luciani, agus é ag éileamh le galar croí. Fear a bhí ann nár theastaigh ríchathaoir an Phápa uaidh ar aon nós ná slí, ach ós rud é gur thit sé ar a chrann, chuir sé a thoil le toil Dé agus ghlac sé an obair air a fhad is a mhair sé beo.

B'ansin a tháinig lá Karol Wojtyla. Is cuimhin liom go maith an dóigh ar tháinig an Cairdinéal Felici chun tosaigh le toradh na vótála a fhógairt don tsaol mhór, nó bhí sé le cloisteáil ar ár raidió féin, agus is dócha go bhfaca muid ar an teilifís é chomh maith. Habemus Papam, ar seisean - tá Pápa againn! Mhol sé ansin an Pápa nua le cupla sárchéim Laidine, mar is cuí, go dtí gur tháinig sé ar an ainm féin, agus é curtha i dtuiseal cuspóireach na Laidine, mar is eol dom inniu: Carolum...Cardinalem...Wojtyla! Dála an scéil, tháinig an fuaimniú ceart Polainnise go maith leis an gCairdinéal.


Cibé scéal é, ní raibh mé ach thart ar dheich mbliana d'aois, agus bhí mo mhuintir scanraithe as a meabhracha ag radacachas clé na seachtóidí. Mar sin, ní raibh mórán fáilte acu roimh Phápa ón bPolainn. A mhalairt ghlan, a déarfainn. Is é an dearcadh a bhí acu ná go raibh an chuma ar an scéal gur ghnóthaigh na Rúisigh báire na fola anois, agus dúradán na cinniúna tite ina dtreo. Go gairid i ndiaidh a insealbhaithe, thug Eoin Pól a Dó óráid nó aitheasc éigin ina raibh sé anuas ar shaint agus pheacúlacht na rachmasóirí, agus é ar a chamchuairt sna tíortha lagfhorbartha, b'é an tátal a bhain Mamó as an ngiobóg áirithe sin go raibh blas an Chumannachais le haithint ar theanga an Phápa nua. Thóg sé cupla bliain sular thuig muid go raibh an scéal níos casta ná sin. Nó b'ansin a phléasc an stailc aithnidiúil amach i Longcheárta Léinín in Gdansk, faoi chomandracht an leictreora úd arbh ainm dó Lech Walesa...


Ar ndóigh, nuair a chuaigh mé ag staidéar na Polainnise agus ag taisteal na tíre féin, fuair mé aithne phearsanta ar an ról a bhí ag an bPápa i saol a mhuintire féin. Faoin am sin, bhí an tír ar an mbóthar ard go dtí an tsaoirse cheana féin, agus an Eaglais Chaitliceach ag éirí bagrach. Iad siúd a bhí idir dhá chomhairle faoi ról na hEaglaise sa Tríú Poblacht a bhí sna fonsaí tógála sa tír, bhí siad sách neamhbhalbh ina gcriticeoireacht. Bhí Jerzy Urban, iar-aire bolscaireachta i laethanta deireanacha an Chumannachais, i ndiaidh seachtaineán frithchléireach a bhunú nach raibh aon chaill air mar lón léitheoireachta. Is é sin, siúd is go raibh Urban ag caitheamh anuas ar an gcléir, bhí sé i bhfad níos sibhialta ná a chlú, nó a mhíchlú. Bhí rudaí i bhfad níos measa le léamh ar go leor foilseacháin eile, beag beann ar na polasaithe polaitíochta. Ón taobh eile de, bhí an Tygodnik Powszechny, nó an Seachtaineán Coitianta, is é sin, iris sheachtainiúil na hEaglaise, riamh ar fhoilseacháin mhaithe, shuimiúla na tíre.