Friday, February 07, 2003

Clifford Simak


Má tá aon chiall le bheith le cín lae Gréasáin as Gaeilge, ní mór ábhair a chairdeáil nach minic a bhí eadar chamánaibh roimhe seo sa teanga is ansa lenár gcroí. Ceann de na hábhair is túisce acu a ritheanns liom ná an ficsean eolaíochta, nó an ficsean bréageolaíochta mar a bhaist mé air i m'úrscéal Gaeilge. De thaisme, agus mé ag cuartú an Ghréasáin le Google inniu ar chúiseanna eile ar fad, fuair mé radharc ar ainm Clifford Simak, an scríbhneoir sci-fi a chum an t-úrscéal iontach álainn udaí City. Caithfidh sé gur imigh deich mbliana ó léigh mé an uair dheireanach é, ach mar sin féin cha dtearn mé dearmad de riamh, agus ba mhaith liom Gaeilge a chur air anois, ó tháinig mé an oiread sin isteach ar an teanga.

Is deacair a rádh cé acu úrscéal nó díolaim gearrscéalta atá i gceist le City, nó ar nós go leor "úrscéalta" a bhaineanns le ré chlasaiceach na n-irisí éadroma ficseaneolaíochta, pulp sci-fi, cuireadh City i dtoll le chéile as caibidlí a foilsíodh anseo nó ansiúd ar na hirisí agus a bhfuil lón léitheoireachta ins achan cheann acu beag beann ar na cinn eile, ach san am chéadna tá comhthéama acu go léir a chuireanns ar chumas an léitheora glacadh leofa mar a bheadh aon tslánaonad amháin iontu, agus iad in aice le chéile. Deismireacht eile í tríológ Isaac Asimov fán Fhundúireacht: ní tríológ a bhí ann ar tús, ach sraith ghearrscéalta a cuireadh i gcló anseo agus ansiúd.

Cibé scéal é, is scéal fealsúnach é City, agus é maoithneach cumhúil go maith, fosta. Nó is é an bunsmaoitiú atá ann go bhfuiltear ag iarraidh an madadh a thabhairt chun sibhialtachta, a chur ar aon leibhéal leis an duine, i gcruth is go gcuirtear ar a chumas a intinn a labhairt i dteanga dhaonna fríd chorp agus inchinn an mhadaidh a fheabhsú le gléasanna máinliachta agus géinitice.

Mar is dual do scéalta ficseaneolaíochtúla den chineál sin, ghní an scríbhneoir ionsaí sách so-réamhinste ar an nádúir dhaonna, agus é ag lochtú olcas agus cruálacht an duine i gcomparáid leis an mhadadh dhílis, shíochánta, ghrámhar. Mura mbeadh ann ach an méid seo, is beag fiúntas a bheadh ag baint leis an leabhar, ach amháin le tabhairt suas an duine chóir a chur ar an aos óg - nó, mar a déarfadh an Meiriceánach, leis an "liobrálachas croíloiscthe" a chraobhscaoileadh. Tá leabhar Simak níos casta ná sin, áfach. Taispeánann sé go bhfuil a cuid fadhbanna ag baint le sibhialtacht na madraí féin, nó tá saoldearcadh na madraí ró-neamhréadúil agus iad ag iarraidh comhbhráithreachas na n-ainmhithe a chur i bhfeidhm ar an domhan: cuirtear d'fhiachaibh ar na hainmithe feoiliteacha, mar shampla, a ndúchas a shéanadh, ó nach maith leis na madraí aon ainmhí a bheith ag baint greama as ainmhí eile. Cineál ollsmachtúlachais is toradh dó seo sa deireadh thiar thall, ar ndóighe.

Ansin, shílfeá nach bhfuil anseo ach an oiread ach an ghnáthsheafóid ó na coimeádaigh: ní féidir an tsíocháin bhuan a chur ar bun, beidh na bithiúnaigh, na drochdhaoiní is na hainmhithe creiche ann go deo, agus araile agus araile. Ar ámharaí an tsaoil, tá tuilleadh sa leabhar: sa deireadh thiar thall, imíonn an dá chine, an duine is an madadh, de dhroim an tsaoil seo le aghaidh a thabhairt ar mhalairt domhain dá chuid féin, domhan a bhfuil baint spéisiúil aige le bun-nádúir an chine féin mar a thuigeanns is mar a shamhlaíonns Simak féin í.

Ós rud é go bhfuil an duine comh tugtha sin don teicneolaíocht, gheibh sé amach dóigh leis an cholainn dhaonna a chur i leataobh ar mhaithe le saol níos fearr, saol parthasúil, ar phláinéad eile. An madadh áfach, níl aon chur amach aige ar na pláinéid ná na réaltaí. Is iad domhnáin osnádúrtha na dtaibhsí a tharraingíonns na madraí intleachtúla ina leith, ós rud é go bhfuil tuigse agus ciall ag an mhadadh ó dhúchas do na domhnáin seo. Mar sin, le forbairt a gcomhfheasa is a meabhraíochta éiríonn cine na madraí ábalta ar an cholainn a thabhairt suas dá ndeoin féin le domhan scáfar na dtaibhsí a shiúl. Sa deireadh thiar thall, ní bhacann siad a thuilleadh leis an tsaol seo ar aon nós.