Wednesday, February 12, 2003

Alpo Rusi agus Stair Rúnda na Seachtóidí


Tá drochamhras ann i gcónaí go bhfuil an tOllamh le Caidreamh Eadarnáisiúnta in Ollscoil Rovaniemi - nó an in Oulu a bhí mo dhuine ag obair? ní cuimhin liom anois ach gurb áit ínteacht ins an tuaisceart a bhí i gceist - Alpo Rusi i ndiaidh spiadóireacht a dhéanamh ar mhaithe le Daonphoblacht na Gearmáine thiar sna seachtóidí, le linn é féin a bheith ina mhac léinn óg agus Bloc an Oirthir beo breabhsánta go fóill. Tá na póilíní rúnda ag fiosrú an scéil go fóill, ach san am chéadna, rinne cathaoirleach an Pháirtí Láir - iar-pháirtí na bhfeirmeoirí - Olli Rehn iarracht cur isteach ar obair na bpóilíní agus tírghráúlacht a chara Rusi a mholadh go poiblí an oiread sin is go dtuigfeadh aon duine nach bhféadfadh fear comh fónta a dhul i gcomhar leis an Stasi.

Is deacair a thuigbheáil cad é go díreach atá eadar lámhaibh ag Olli Rehn, an fear bocht, nó cén fáth. Má tá eagla air go bhfágfaidh scéal Rusi smál ar an pháirtí - agus chuala an saol mór iomrá cheana ar an dóigh a rabh páirtí na bhfeirmeoirí beo ar "dheolchaire" na Sóibhéidí sna laethanta a bhí - caithfidh sé nach bhfuil sé ach ag cur leis an mhíchliú sin an dóigh a bhfuil mo dhuine ag cur ladar i bhfiosrú na bpóilíní. Is é an chéad tátal a bhainfeas Tadhg an mhargaidh as a iompar ná go bhfuil an Páirtí Láir i bhfad níos doimhne istigh i gclábar na spiadóireachta is na comhoibritheoireachta Sóibhéidí ná mar a chreid muid riamh. Tá Rehn á iompar mar a bheadh sé ag iarraidh go héadóchasach mórthubaiste, nó An Mhórthubaiste Féin, a chosc, agus is é an chonclúid is dual dúinn a tharraingt as an scéal go bhfuil a leithéid de mhórthubaiste ann dáiríribh, go bhfuil todhchaí an pháirtí agus todhchaí pholaitiúil Rehn féin i gcontúirt leis an scéal. Dá mbeinn féin in áit Rehn, is é an rud a déarfainn i dtaobh chás Rusi ná "ár dtubaiste leisean" agus d'fhanfainn le deireadh an fhiosraithe sula leomhfainn freagra a thabhairt ar aon cheist fá dtaobh de na cúrsaí seo.

Nuair a thoisigh an racán seo fá dtaobh de spiadóireacht Rusi, bhí súil agam go bhfoghlaimeochadh muintir na Fionlainne an ceacht fá dheoidh: nárbh ionann bheith i do Chumannach, fiú thiar ins na seachtóidí, agus bheith ag obair do Rúnseirbhís na Sóibhéidí, agus nach leor d'aon duine dintiúirí maithe frithChumannachais agus saoradh ó líomhaintí fá spiadóireacht. An té atá ina Chumannach, níl sé ach ag tacú le gluaiseacht áithrid polaitíochta. Nuair a d'éiligh Kimmo Sasi, polaiteoir coimeádach atá ina Aire Tráchta agus Cumarsáide inniu, - nuair a d'éiligh sé, roinnt bheag blianta ó sin, fiosrú dlí a chur ar obair in éadan Stailínigh óga na seachtóidí, ní rabh sé in ann aon choir ar leith a ainmniú a bheadh mar chúis leis an chineál sin fiosrú - ba léir gur shíl sé go mba chóir téarma príosúin a ghearradh ar dhuine ar son a dhearcaidh pholaitiúil amháin.

Mar a thaispeánanns cás Rusi dúinn, áfach, na polaiteoirí a bhí ag cothú íomhá choimeádach, bhuirgéiseach, nó fiú fhrithChumannach go poiblí, cha rabh siadsan díonta ar aon nós ar iarrachtaí earcaithe Rúnseirbhís na Rúise Sóibhéadaí. Déanta na fírinne, bhí Kimmo Sasi féin i measc an chuid sin de na coimeádaigh a rinne a ndicheall thiar sna seachtóidí caidreamh cairdiúil a chur ar bun le hAmbasáid na Sóibhéidí, i gcruth is nach dtiocfadh a bpáirtí a choinneáil taobh amuigh den rialtas ar chúiseanna na ngnoithí eachtracha. Tá sé incheaptha, ar aon nós, go dteachaidh Sasi féin thar fóir ag iarraidh na Rúisigh a ghiúmaráil, agus go mb'fhiú fiosrú éigin a dhéanamh fána chúrsaí féin. A fhad is a shílfear go coitianta gurb ionann spiadóir Sóibhéadach agus polaiteoir Cumannach, mothóchaidh leithéidí Sasi iad féin slán sábháilte, ach nuair a fuarthas amach fá ghnoithí rúnda Rusi, caithfidh sé go dtáinig scanrú ar an dream sin ar fad: má thuigeann an náisiún gur coir í an spiadóireacht a thig comh réidh le polaiteoir coimeádach is mar a thig sí le Cumannach, beidh seanchairde na Sóibhéadach uilig - cuma cé acu páirtí lena mbaineann siad - i gcontúirt a ndaortha.