Tuesday, February 18, 2003

An Béal Beo


Cheannaigh mé an chéad chóip den Bhéal Bheo le Tomás Ó Máille comh fada siar leis an bhliain míle naoi gcéad a naoi ndéag is ceithre scór, agus mé in ainm a bheith ag staidéar i gcoláiste ollscoile na Gaillimhe (ní rabh mé go bunúsach ach ag cíoradh na leabharlainne, siúd is gur cineál staidéir a bhí ansin féin ar bhealach). B'é an seaneagrán a bhí i gceist an uair sin, ar ndóigh, leis an tseanlitriú agus sa chló Ghaelach. An uair sin, shíl mé nach mbeadh a shárú ann mar leabhar le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, ós rud é go rabh an leabhar ag cur thar maoil de leaganacha dúchasacha cainte. Tá an t-eagrán nua agam anois, agus siúd is go bhfuil mé barúlach agus géarbharúlach i gcónaí nár rugadh an Gaeilgeoir go fóill nach mbainfeadh sult, subhachas agus leas as an leabhar, ní foláir an corrlocht a fháil air.

Is é an litriú an príomhlocht, ar ndóighe. Má táthar ag iarraidh litriú caighdeánta a chur i bhfeidhm ar an Ghaeilge, cad fáth nach bhfuiltear loighiciúil fá dtaobh de sin? Bíonn cúistiúnacht na dtithe foilsitheoireachta ag cur ruaigeadh ar na hiarsmaí deireanacha de chanúnachas Chúige Uladh, ach san am chéadna, ligtear isteach séalaigh/séalú i leabhar ar nós an Bhéil Bheo, agua a fhios ag an tsaol mhór is a mháthair gurb é síothlaigh/síothlú an litriú caighdeánta?

Dála an scéil, ós ag caint ar fhoclóirí agus ar chúrsaí caighdeáin a tharla mé, ba mhaith liom an cheist a chur, nach mba mhithid an Gearrfhoclóir a bhaint den mhargadh ar fad? Chan fhuil ins an Ghearrfhoclóir go bunúsach ach eagrán d'fhoclóir Uí Dhónaill inar fágadh an chuid ba mhó de na foirmeacha malairteacha canúnacha (na ceartfhoirmeacha eile mar a deirtear) ar lár. Is é an phríomhchúis le mórfhoclóir a bheith ann agus le úsáid a bhaint as an mhórfhoclóir, áfach, ná leabhartha neamhchaighdeánta le scríbhneoirí canúnachais (agus is scríbhneoirí canúnachais iad rogha agus togha na scríbhneoirí Gaeilge) a bheith inléite agat, rud a chiallaíonns nach féidir príomhúsáid an mhórfhoclóra a bhaint as an Ghearrfoclóir. Níl ins an Ghearrfhoclóir ach mórfhoclóir coillte, do-úsáidte, agus ba chóir gan é a athfhoilsiú feasta. Baineadh na mic léinn úsáid as foclóir Uí Dhónaill amháin, ina leagan iomlán. Mura miste libh mise an moladh seo a thabhairt uaim. Nó an moltanas, mar a déarfadh Máirtín Ó Cadhain.