Monday, March 17, 2003

Lá 'le Pádraig, i ndiaidh na n-olltoghchán


Rinneadh na vótaí a chuntas anois, ach má rinneadh, cha dtáinig mórán athrú ar shaol na tíre. Fuair na Glasaigh fiú tuilleadh tacaíochta, cibé fá dtaobh de Mharkus Drake. Dealraíonn sé go rabh bunadh na Fionlainne sách siosmaideach is a aithne nach ionann iarrthóir forimeallach amháin agus an páirtí ar fad. D'éirigh go maith le príomhpháirtí an Rialtais, na Daonsóisialaigh, agus le príomhpháirtí an Fhreasúra, na feirmeoirí. Is dócha go bhfuil pilleadh ar sheanmhúnla rialtais na seachtóidí agus na n-ochtóidí ar na bacáin, mar atá, an "fód dearg" - sin le rádh, comhrialtas na bhfeirmeoirí ("fód") agus na ndaonsóisialach ("dearg") - ar na bacáin. Chan fhuil an tAontas Clí comh láidir agus a thiocfadh "cathéadan na cosmhuintire" (is é sin, na daonsóisialaigh, na sóisialaigh níos radacaí - iad siúd atá ins an Aontas Chlí inniu - agus na feirmeoirí) a chruthú. Is é sin, má ghlactar leis an Aontas Chlí isteach ins an rialtas, cha mbíonn siad ansin mar cheann de na príomh-chomhábhair, ach mar dhream cuidithe.

Char éirigh go rómhaith le haon cheann de na dreamanna ciníochais nó tuathghríosadóireachta, siúd is gur bhain Tony Halme, iar-bhocsálaí agus é leath ina choirpeoir nó ina chiontóir de réir chosúlachta, - gur bhain sé amach suíochán pairliminte le teachtaireacht thuathghríosaitheach. Beidh sult is subhchas ar fáil ina scórthaí nuair a chromfas mo dhuine ar a chuid oibre mar Fheisire. Cha chuirfeadh sé lá iontais orm dá gcaithfí Feisire i ndiaidh Feisire a iompar ar iomlán gaile go dtí an t-ospidéal i ndiaidh dófa easaontas i leith ceann de na mórcheisteanna prionsabálta a chur in iúl do Halme go róchársánach.