Tuesday, February 18, 2003

Robert Anson Heinlein


Caithfidh mé a aidmheáil go bhfuil cuid mhór ama curtha isteach agam le cupla bliain anuas ag léamh leabhartha le Robert Anson Heinlein. Is é Heinlein an scríbhneoir ficseaneolaíochta is ansa le hantoiscigh na heite deise, rud is éascaidh a chruthú fríd, cuir i gcás, cuairt a thabhairt ar leathanaigh na heagraíochta udaí Suomen Sisu. Dream iad sin atá ag "cur chun cinn an chultúir dhúchasaigh agus sainleas na bhFionlannach", ach is léir, don té a dhéanfas staidéar ar na moltaí léitheoireachta s'acu, go bhfuair siad an chuid is bunúsaí dá gcuid smaoiteachais ar iasacht ó dhreamanna cosúla i Meiriceá: lucht ciníochais agus iad go héadóchasach ag féacháilt le blas agus craiceann na hintleachtóireachta ("na hitleachtóireachta" a scríobh mé ar tús!!!) a chur ar an tseafóid dhainséarach.

Mar sin, an fanaiceach ciníochais nó radacach de chuid na heite deise a bhí in Heinlein, tar éis an tsaoil? Tá an-chathuithe orm a fhreagairt gurb eadh, ach mar sin féin, bheadh a leithéid de bhreithiúnas i bhfad ró-éagórach i dtaobh an tseanamadáin. I ndiaidh cupla bliain a chur díom ag déanamh trom-mheabhrú ar an cheist, cén cineál duine a bhí in Heinlein dáiríribh, is é an t-aon fhreagra ceart a thig liom a thabhairt uaim ná gur Meiriceánach a bhí ann. Dáiríribh, is é mo ghéarbharúil, fiú, nach féidir a theacht ar Mheiriceánach níos Meiriceánaí ná eisean. Nuair a scannánaigh Paul Verhoeven an t-úrscéal udaí Saighdiúirí na Réaltloinge(Starship Troopers), thug sé le fios i gceann de na hagallaimh go rabh sé ag dearcadh ar Heinlein mar shamhailchomhartha do na Stáit Aontaithe go léir, agus siúd is gur rogha sách mí-ádhúil a bhí ins an úrscéal seo thar na cinn eile dár scríobh mo dhuine, rachadh sé rite liom easaontú le Verhoeven. Nó cibé dea-thréithre agus cibé droch-thréithre a bhaineanns le dúchas na Stát Aontaithe, tá siad uilig le fáil i scríbhneoireacht Heinlein.

Mar shampla, thig leis a bheith ina mhíleatach agus ina chiníoch uafásach. San am chéadna, thig leis úrscéalta a chumadh a bhfuil cineál síochánachas pragmatúil á chraobhscaoileadh iontu, comh maith le comhshamhlú agus meascadh na gciníocha mar fhuascailt ar na scoilteacha sochúla. D'éirigh leis fosta úrscéal a scríobh a rabh an dá léamh - léamh an chiníochais agus léamh an fhrithchiníochais - le baint as. Ní nach ionadh, ba le linn na bhfeachtas mór ar son ceart vótála an chine ghoirm, i dtús na seascaidí, a scríobh sé an leabhar áithrid seo - Saorghabháltas Farnham (Farnham's Freehold). Is é an míniú is fearr - agus cuid scríbhinní eile an údair ag tacú leis an chiallú seo - ná go rabh Heinlein ag iarraidh a chur in iúl an dóigh a rabh sochaí na Stát Aontaithe ar fad eadar dhá chomhaile i leith na mórcheiste seo, agus é féin comh maith.

Is é is tús don leabhar ná an cogadh núicléach a rabh eagla ar an domhan uilig roimhe sna seascaidí. Cúbann teaghlach meánaicmeach Meiriceánach faoi cheannas an phatrairc Hugh Farnham isteach i seomra cosanta le theacht slán ón bhuamáil. Nuair a bheir siad aghaidh ar an tsaol mhór amuigh aríst, gheibh siad iad féin i bhfad sa todhchaí, ós rud é go rabh an oiread sin fuinnimh i bpléasc an bhuama is gur chuir sé an t-am féin as alt. Ghní siad iarracht ar an chine dhaonna a athbhunú, ach tá sé ag dul rite leofa, ós rud é nach dtuigeann siad an oiread athmheasúnú agus athluachála ar luachanna meánaicmeacha Mheiriceá agus a bheadh de dhíobháil.

Ins an tsuíomh áithrid seo a thagraítear do cheist an chine ghoirm an chéad uair. Nó is amhlaidh gurb iad na daoiní atá ag tionlacan Hugh Farnham sa tsaol nua seo ná a nighean, a bhean chéile, a mhac, banchara a iníne agus a shearbhónta dílis gormchraicneach. Leis an chine dhaonna a chur ag borradh aríst, chaithfí na cailíní a chur ag iompar clainne. Ar ndóighe, thig le Farnham nó lena mhac cara a nighne a leagan suas. Ach ansin, cé a rachadh a bhualadh craicinn lena nighin?

Sílim nach mbeadh duine ár gcomhaimsire i bhfad ag tabhairt freagra ar an cheist sin: cé eile ach an searbhónta gorm? B'é sin an t-aon rogha inghlactha amháin ar chúiseanna moráltachta agus bitheolaíochta. Más buan mo chuimhne, áfach, oiread is reachtáil le Hugh Farnham cha dtearn an smaoitiú seo. Ina áit sin, chuaigh an t-iomlán dearg acu a dhéanamh a dtrom-mheabhrú ar an rogha go gciorróchadh an t-athair col lena nighin féin.

Ina dhiaidh sin, áfach, thiontaigh sé amach nach rabh siad ina n-aonar ar dhroim an domhain ar aon nós. Bhí siad ag déanamh treaspáis ar thailte fir darbh ainm Ponse: cineál tiarna feodach talaimh a bhí ann. Anois, thiontaigh sé amach go mb'iad na Gormaigh a bhí i gceannas ar an domhan mhór, agus meas an eallaigh acu ar na daoir ghealchraicneacha. Bhí lucht an chraicinn ghil faoi chois ag na Gormaigh ar achan tslí anois, agus ag druidim le deireadh don scéal dúinn fuair muid amach, fiú, go mbíodh leithéidí Phonse ag ithe feoil na ndaoiní geala.

Ní hé seo an áit leis an scéal a reic ó thús go deireadh - más suim libh an leabhar, léigí í. Mar a d'úirt mé roimhe seo, thig linn an dá léamh a bhaint as mar scéal. Is féidir go rabh Heinlein féin meabhrach ar comh seafóideach is a bhí sé an t-athair a dhul a bhualadh craicinn lena nighin, fad is a bhí fear gorm ar fáil leis an obair a dhéanamh, agus comh míréasúnta is a bhí an ciníochas ag breathnú i suíomh mar sin, agus an cine daonna le dhul in éag, ach bun a chur le clann nua. Ón taoibh eile de, dealraíonn sé go bhfuil an chuid is mó de léitheoirí a chuid saothar comh frithghníomhach i gcúrsaí polaitíochta agus nach n-aithníonn siad an léamh incheaptha seo ar aon nós.

Le Heinlein a shaoradh ó líomhain an chiniochais, áfach, ní miste súil a chaitheamh ar dhá úrscéal eile leis: Is Dian an Mháistreás í an Ghealach (The Moon is a Harsh Mistress) agus Réalt Dhúbailte (Double Star). An rud atá cearr leis an dá úrscéal seo, is é an dearcadh ró-shaonta atá ag an scríbhneoir ar chúrsaí ar nós an stangaidh chultúrtha, is é sin, an dóigh a mbaineann an cultúr strainséartha geit asat. Glacann sé go réidh leis an mhanadh udaí a bíos ag na Meiriceánaigh: mix and fix, nó creideann sé go mbeidh gach duine agus gach cine sásta a dhul chun Meiriceánachais dá dheoin féin, má chuirtear an rogha sin os a chomhair,

B'fhurast seitgháirí a dhéanamh fán chineál sin saontachta i dtaoibh na ndifríochtaí cultúrtha agus seoibhineachas Meiriceánach a chur i leith an scríbhneora, ach ar ndóighe, níl i gceist leis seo ach an ghnáthmhoill chultúrtha. Nuair a bhí Heinlein i mbun pinn, bhí an ceart go hiomlán ag na Meiriceánaigh a shílstean go mb'iad an tír ab fhorásaí, an tír ba mhó dul chun cinn, ar dhroim an domhain mhóir. Bhí an Eoraip á streachailt as a chéile ag idé-eolaíochtaí uileghabhálacha ollsmachtúla, agus na Meiriceánaigh in ann a gcuid fadhbanna agus coimhlintí polaitiúla a bhainistiú le polasaithe praiticiúla, pragmatúla ar nós Bheartas Nua Franklin Delano Roosevelt. (Díol suntais agus iontais é inniu nach idéalachas sóisialach ná cléradacach a bhí i gceist leis an stát shoilíosach, le forbairt chuimsitheach an chórais leasa shóisialta, ar tús, ach dearcadh pragmatúil na Meiriceánach, a rabh an oiread sin díspeagtha ag lucht na n-idé-eolaíochtaí ina leith.) Mar sin, nuair a bhí Heinlein i bpraidhm a mhaitheasa mar scríbhneoir, bhí ualach an chruthúnais go hiomlán orthu siúd a chaithfeadh amhras ina chuid barúlacha. Tá cuma eile ar na cúrsaí inniu, ar ndóighe.