Wednesday, February 09, 2005

Abbas agus Sharon ag caint le chéile


Scéal thar a bheith iontach go bhfuil sé ag éiri le Mahmúd Abbas agus Ariel Sharon dul i gcomhchainteanna le chéile, ach ar ndóigh, níl ann ach tús. Mar sin féin, dealraíonn sé go raibh an oiread sin den cheart ag Sharon agus go bhfuair sé a mhian leis an bpolasaí a bhí aige gan bacadh le hArafat a thuilleadh: chuir sé abhaile ar na Palaistínigh go gcaithfidís cromadh ar an taidhleoireacht is ar an bpolaiteoireacht fá dheoidh, in áit na síor-threallchogaíochta.


Beidh sé suimiúil a fheiceáil cén chuma a thiocfaidh ar na cúrsaí anois. Go nuige seo, níl sé chomh héadóchasach is a mbeadh súil agat leis sa Tír Naofa. (Émil Habibi: - A Dhaid, cén fáth a dtugtar an Tír Naofa uirthi? - Toisc gur tír naofa gach tír a bhfuil fuil na bhfulangaithe neamhchiontacha ólta aici. Agus creid uaim, a mhic, beidh an tír s'againn á naomhadh ar an dóigh áirithe seo sa todhchaí freisin. - Anois, a Dhaid, a thuigim cén fáth a dtugtar an Tír Naofa uirthi. Go fírinneach, is beag tír ar dhroim an domhain is mó naofachta ná í!) Tá an bheirt fhear uasal sin ag drannadh aoibh gháire leis an gceamara, mar a shamhlófá lena leithéidí cibé scéal é, ach anois, caithfidh siad aghaidh a thabhairt ar an namhaid i measc a gcuid carad féin. Is cuid lárnach de dhiabhlaíocht na gcoimhlintí fadaraíonacha é go bhfuil sainleas an iomarca daoine dílsithe don chogaíocht, agus iad ag teacht i dtír uirthi. An fear óg nach bhfuil de cheird aige ach ceird an mheaisínghunnadóra, an bhfuil a dhath le buachan aige ar an tsíocháin? Is éadócha. Is é lár a leasa é, dar leis, ná an chogaíocht a choinneáil ar obair agus an cor a thabhairt in aghaidh an chaim go dtí go mbeidh an saol mór is a mháthair camtha agus athchamtha as aithne.