An Nollaig sna Fonsaí Tógála
Chuaigh mé thart leis an chéad laindéar sneachta sa gheimhreadh seo. Níl a fhios agam an mbíonn a ndóthain sneachta ag na páistí Éireannacha le laindéir shneachta a thógáil, ach is é an cineál rud atá i laindéar sneachta ná cineál pirimide atá curtha i dtoll le chéile as liathróidí sneachta. Is é an sórt liathróid shneachta atá i gceist ná an cineál a úsáidtear mar urchar i gcogadh sneachta na bpáistí: liathróid atá ar aon mhéid leis an dorn, agus í casta le chéile as sneachta. Anois, in áit na liathróidí seo a chaitheamh leis an chéad smuilcín eile dá gcastar ort, is féidir pirimid bheag a thógáil astu thart ar choinneal lasta.
2 Nóta ó Léitheoirí:
Seo é atá i gceist agat, an ea?
http://www.usefilm.com/image/626160.htmlAn-dheas. Faraoir, ní fhaca oiread sneachta le roinnt blianta anois agus a dhéanfadh oiread agus liathróid amháin duit - gan trácht ar phirimid!
Nolliag shona dhuit!
Sea, an gléas céanna. Bíonn siad go deas agus an loinnir sna liathróidí sneachta ón taobh istigh.
Post a Comment
<< Fill ar an bPríomhleathanach