Tuesday, April 29, 2003

An Lá laethúil - an rachaidh sé chun sochair don Ghaeilge?


Siúd is go mba chóir domh áthas a bheith orm go bhfuil an ciorcal cearnaithe againn fá dheoidh, agus nuachtán laethúil á bhunú, níl mé cinnte dáiríribh, an é seo an dóigh is fearr. Bhí mé riamh den bharúil go mba chirte nuachtán a fhoilsiú is a reachtáil i dtimpeallacht Gaeltachta, lena chinntiú go mb'í Gaeilge na Gaeltachta a chleachtófaí sa nuachtán - Foinse laethúil, seachas laethúil.

Ar ndóighe, is féidir go bhfuil mé ag dul thar fóir ag fáil locht ar Ghaeilge na Galltachta agus ag buaireamh fán scoilt eadar an dá Ghaeilge. Ach mar sin féin, cuireann sé isteach orm a laghad slacht a bíos ar an teanga ag cuid mhór de na hiriseoirí a scríobhanns do . Chreid mé riamh gurb í droch-chomhréir na scríbhneoirí Galltachta is príomhchúis leis an drogall a bíos ar na cainteoirí dúchais roimh litríocht, léitheoireacht agus nua-théarmaí na Gaeilge - is é sin, go mbíonn siad drogallach i dtaobh na nua-théarmaí, ós rud é nach bhfaca ná nach gcuala siad iad ach i gcoimhthéacs na Gaeilge miolda maide a chleachtaíonns na Gaeilgeoirí neamhdhúchais. Anois, beidh acmhainn nua Gaeilge ag teacht ar an fhód a mbeidh Gaeilgeoirí na Galltachta ina seilbh, agus is éadócha go mbeidh an misneach choíche i muintir na Gaeltachta a n-úsáid féin a bhaint as an acmhainn seo, toisc nach dtig leofa ach ar éigean iad féin a chomhionannú, iad féin a shamhlú leis an chineál Gaeilge a chleachtófar ar an nuachtán.