Thursday, April 10, 2003

Saddam - an tIamám faoi Cheilt?


Shroich fórsaí na gcomhghuaillithe Bagdad anois, agus an chuma ag teacht ar na cúrsaí go bhfuair siad fáilte sách croíúil ó bhunadh na háite, i ndiaidh an iomláin. Maidir le Saddam, áfach, chan fhuil a thásc ná a thuairisc le fáil - díreach mar a bheadh "Iamám faoi Cheilt" ann. Iad siúd agaibh nach bhfuil a fhios agaibh cad é is "Iamám faoi Cheilt" ann mar rud, seo giobóg eolais le bhur gcur ar bhealach bhur leasa: is coincheap é a bhfuil baint aige le traidisiún na Sítheach ins an Ioslam. Ceann feadhna de chuid na Sítheach atá ins an Iamám, agus i stair an Ioslaim Shíthigh, chuaigh ceal i gcupla Iamám a rabh an-údarás acu i measc lucht a leanstana. Ó nach bhfuarthas a dtásc riamh, ghlac na Síthigh leis nár éag siad ar aon nós, siúd is go rabh an chuma ar an scéal gur feallmharaíodh iad. Is é an chiall a bhain na Síthigh as an scéal ná nach dteachaigh na hIamáim seo ach i bhfolach - le pilleadh aríst, b'fhéidir, an lá is faide anonn ag tabhairt tarrthála do lucht a leanstana in am an ghátair.