Wednesday, February 09, 2005

Dúchas na hÉireann


Tá sórt iníon altrama agam, cailín beag cúig bliana déag a chuir a hainm le m'achainí idirlín nuair a bhí feachtas an Stádais faoi lántseoil agus a scríobh cupla líne chugam lena dearcadh ar an nGaeilge a chur in iúl dom. (Ní raibh inti ag an am sin ach páiste ceithre bliana déag, dháiríre.) Ós rud é nach bhfuil clann de mo chuid féin agam, chuir a ríomhphost cineál maoithneachais orm, agus d'fhreagair mé í. De réir a chéile, thosaigh muid ag scríobh litreacha chuig a chéile as Gaeilge, agus mise ag cabhrú léi feabhas a chur ar a cuid Gaeilge agus ag scéalaíocht faoi laethanta m'óige féin, nuair a bhí mé ar aon aois léi féin. Ábhar uafáis a bhí ina raibh le rá aici fá dtaobh de theagasc na Gaeilge ina scoil féin. I gcomparáid leis an gcineál scoil atá againn féin anseo, cibé locht atá uirthi, fíor-sheomra céasta a bhí ann, agus na múinteoirí ag crá na ndaltaí ar bhealach chomh díchéillí agus gur chuir sé sórt alltacht agus fiú fearg orm. Ní mór cás na múinteoirí a thuiscint freisin, agus níl mé féin chomh mór in aghaidh riailbhéas dian do na páistí is a shílfeá. Is é sin, nuair a bhí mé óg, ba mhinic a fuair mé greidimíní nó tarraingt na gruaige ó Dhaideó, ach má fuair, ní bhfuair mé riamh iad gan chúis cheart, agus an chuid ba mhó de na hócáidí, bhí a fhios agam go maith an fáth a bhfuair mé an pionós. In áit a bheith anuas ar na pionóis féin, b'fhearr do na hoideolaithe a áitiú ar na tuismitheoirí go gcaithfidh na pionóis a bheith ag teacht le chéile, agus rialacha soiléire a bheith ag dul leo - agus na daoine fásta ag cloí leis na rialacha céanna iad féin. Is é sin, mura bhfuil de chead ag an bpáiste mionna móra a labhairt os ard, ní mór do na tuismitheoirí smacht éigin a choinneáil ar a dteangacha féin, freisin. Is é an locht is mó a fhaighim ar iompar na múinteoirí i scoil mo charad óig ná nach bhfuil siad sásta urraim a thabhairt do rialacha na gnáthchúirtéise agus iad ag caidreamh leis na páistí. D'inis an cailín dom, lá, ná go raibh sí ina suí go múinte ag bord i leabharlann na scoile, gan chur isteach ar aon duine eile, agus i dtobainne, tháinig múinteoir agus sciob chuige earraí an pháiste lena gcur ar an tábla in aice leis, nó bhí deasc an chailín ag teastáil ó mo dhuine ar chúis éigin. Diabhal an drae focal ag teacht as béal an mhúinteora. Ar ndóigh, ós rud é gur páiste soscanraithe gan mórán féinmhuiníne atá i mo chara bhocht, chaith sí tamall fada ina dhiaidh sin faoi aiféaltas, gan tuiscint cheart cad é a bhí déanta as cosán aici. Anois, tá mé den bharúil go bhfuil i bhfad níos mó dochar don pháiste ina leithéid de ghothaí anuaibhreacha ná i bpionós corpartha, mura ngearrfar an pionós sin san éagóir. Teastaíonn cothrom na féinne ó na páistí, chomh maith le gach duine againn.


Nuair a tháinig an Nollaig, cheannaigh mé cupla leabhar maith Gaeilge don pháiste, go háirithe Brídín an Dilleachta. Agus is mór an t-ábhar áthais dom an taithneamh a bhain sí as an leabhar áirithe sin. Tá mé cinnte nach bhfuil leabhar mór J.J.Lee faoi stair na hÉireann léite ag an ngirseach, ach mura bhfuil féin, an freagra a chuir sí chugam agus an chéad radharc faighte aici ar Bhrídín, d'fhíoraigh sé go hálainn gach a raibh le rá ag Lee faoi thábhacht na Gaeilge.



Dháiríre, baineann sé scanradh asam an sórt teagaisc a bhíonn ar siúl acu sa teanga. Deir sí gurb é an t-aon rud atá idir lámhaibh acu ar scoil ná téacsaí fada a léamh agus a aistriú, agus sin a bhfuil ann: ní bhíonn siad ag cleachtadh na cainte, cosúil leis an dóigh a ndéanann siad leis an nGearmáinis agus leis an bhFraincis. Deir sí, fosta, go mbíonn an Ghearmáinis agus an Fhraincis níos líofa ag cuid mhaith de na cailíní ina scoil.