Wednesday, May 21, 2003

Cha rabh ann ach gnáthbhruíon cois tinteáin


Baineadh mealladh thar na bearta asam nuair a mhothaigh mé an nuaíocht is úire: cha rabh i gceist le scannal Häkämies ach gnáthbhruíonachas suarach: thug sé greidimíní don chailín ar chuir sé an coimeadar uirthi i ndiaidh dó colscaradh a fháil óna sheanmhnaoi chéile. Ós rud é gur féidir leis an chúisitheoir caingean dlí a dhéanamh de chás comh tromchúiseach seo beag beann ar cibé socrú príobháideach a rinne Häkämies leis an chailín, dealraíonn sé nach bhfuil bealach éalóidh ar bith fágtha aige: is féidir dó, go teoiriciúil ar a laghad, téarma príosúnachta ocht mblian a fháil ar son a choire, mura n-éigiontófar é.

Ins an iontráil roimhe seo, thagair mé cheana don fhuath atá glactha ag na homaighnéasaigh le Häkämies toisc comh díspeagúil agus a bhí sé ina leith siadsan cupla bliain ó shin, nuair a bhí sé ina Aire Dlí agus Cirt agus an bille um chlárú oifigiúil na lánúineacha homaighnéasacha - is é sin, "pósadh na bhfeileacán" - faoi chaibidil. Bhí sé go borb in éadan a leithéide, agus nuair a chuaigh na hiriseoirí ar lorg argóintí uaidh, is é an rud a d'úirt sé ná gurb é an cineál dearcadh a fuair sé le hoidhríocht óna thuismitheoirí ná "nach bhfuil an homaighnéasachas nádúrtha, agus sin a bhfuil ann". Ar ndóighe, níor fhág na homaighnéasaigh aon drochainm ná masla gan tabhairt air ina dhiaidh sin. Ós rud é gur ball den Kokoomus, is é sin, den pháirtí choimeádach, atá i mo dhuine, ba dual dó fosta pionóis níos géire a éileamh le haghaidh dúnmharfóirí agus lucht an bhruíonachais. Dáiríribh, chuir sé faobhar ar chlaíomh a dhícheannta féin!

Thairis sin, dealraíonn sé go rabh duine éigin i ndiaidh boladh a fháil den dóigh a dtug Häkämies léadhbairt don mhnaoi, agus an duine anaithnid bhí sé ag glaoch ar Häkämies ar an teileafón le neirbhís a choinneáil air, b'fhéidir go rabh sé ag iarraidh Häkämies a dhúmháladh, agus é ag éileamh airgid ar son a bhéal a choinneáil ina thost fá choir Häkämies. D'iarr Häkämies ar chomhlacht na dteileafón an dúmháltóir a fháil amach dó, ach is amhlaidh nach rabh cead a iarrtha sin, de réir an dlí, ach ag na póilíní. Mar sin, rinne Häkämies coir eile nuair a d'éiligh sé a leithéid ar an chomhlacht.

1 Nóta ó Léitheoirí:

Blogger blogger a dúirt...

Sa saol simplí, tá ról an-sonrach ag an ngrá. Mar sin féin, is féidir linn do shaol grá a dhéanamh sláintiúil agus níl aon spás ann le haghaidh aon chineál trioblóide. Is féidir iad seo go léir le cabhair ó AGBAZARA TEMPLE OF SOLUTION. Chuidigh sé liom le litriú a thug mo chara le fada caillte ar ais le 48 uair a fhág mé le bean eile. is féidir leat teagmháil a dhéanamh air ( agbazara@gmail.com ) nó glaoch air ar +234 810 410 2662 agus a bheith sásta go deo mar a thaithí agam anois.

8:03 PM  

Post a Comment

<< Fill ar an bPríomhleathanach