Saturday, July 19, 2003

Velikovsky, Mika Waltari, agus Reiligiún na hÉigipte


Sílim go bhfuil an t-úrscéal is mó dá dtáinig riamh ó pheann fhear mo chomhdhúchais, Mika Waltari, ar an leabhar ab fhearr liom a aistriú go Gaeilge: Sinuhe egyptiläinen, nó An tÉigipteach, mar a baisteadh ar an leagan Béarla ("The Egyptian"). B'fhéidir go bhfuil leabharthaí níos fearr, fiú úrscéalta stairiúla níos fearr, scríofa i mo theanga dhúchais, ach mar sin féin, theastóchadh uaim an ceann áithrid seo a chur ar fáil do lucht na Gaeilge, ós rud é go bhfuil lón saibhir léitheoireachta ann ar a lán dóigheanna.

Ar ndóighe, is iomaí locht a thig a fháil ar an údar féin. Nuair a léigh mé MacMillan's Guide to World Literature, eolaire a bhfuil blas láidir na scigireachta ar go leor dá n-abair sé i dtaobh scríbhneoirí an tsaoil mhóir, siúd is go rabh mé ina thaithí cheana féin nach rabh sé "ceadaithe" ins na ciorcail ardliteartha mórán measa a bheith agat ar Waltari, caithfidh mé a aidmheáil gur bhain sé stangadh asam a fheiceáil comh tarcaisniúil agus a bhí lucht eagarthóireachta an eolaire sin i leith mo dhuine. Is dócha go rabh cuid den dímheas seo bunaithe ar an dóigh a rabh mo dhuine ag obair ina bholscaire cogaidh, rud a chiallaigh go gcaithfeadh sé gaisce an Airm Ghearmánaigh a mholadh os coinne an tsaoil mhóir, a fhad is a d'fhan an Fhionlainn ag comhoibriú leis an Ghearmáin Náitsíoch; agus thairis sin, le linn an chogaidh bhreac sé síos úrscéal bolscaireachta faoin teideal Antero ei enää palaa ("Ní phillfidh Aindrias a thuilleadh"), inar reic sé scéal laochais fán dóigh ar ofráil fear óg darbh ainm Aindrias nó Antero a anam ar son a thíre i gCogadh an Gheimhridh, agus an clabhsúr a chuir sé ar an scéal ag trácht ar an Ghearmáin "a chuir gairm shlógaidh ar náisiúin na hEorpa" le cogadh a chur ar an Rúis Shóibhéadach - rud a tchítear iontach gránna d'aon léitheoir inniu, siúd is nach bhfuil ann ach gnáth-théama de chuid bholscaireacht chogaidh na Fionlainne.

Maidir le húrscéalta stairiúla mo dhuine, is é an breithiúnas a thug muintir Mhic Mhealláin air ná nach rabh ann ach cineál mangarae liteartha, nó kitsch. Tá siad ann a deir gur scríobh Waltari an leabhar céadna uair i ndiaidh a chéile, agus má chuirtear Mikael Hakim, atá suite i saol na Meánaoiseanna, i gcomparáid leis an Éigipteach, is léir gurb ionann imeachtaí agus pearsana áithrid sa dá úrscéal. I scéal an lia Éigiptigh, titeann mo dhuine i ngrádh ar tús le cailín darb ainm Minea, agus í ar a bealach go dtí an Chréit, áit arb as daoithi. Sa bhaile daoithi, áfach, ofráiltear do Mhinotauros í, agus fágtar Sinuhe faoi mhéala ina diaidh. Ansin, castar bean níos aibí dó, Merit, lena gcaitheann sé a chuid oícheanta agus í ag tabhairt cineál sóláis dó, ach ní thuigeann sé ach i ndiaidh an bhean seo bás a fháil go rabh grádh aige daoithi, agus aicise dó féin, agus gurbh é a mhac féin mac na mná seo, a fuair bás comh maith. Anois, tá beirt chailíní cosúil leis an bheirt seo ag Mícheál Hakim fosta: ar tús, agus é ina fhear óg, titeann sé i ngrádh le cailín darbh ainm Veronica, ach ansin, gheibh sé maraithe ag saighdiúirí naimhdeacha í roimh an bheirt acu an chéad oíche riamh a chaitheamh le chéile; ansin, castar Barbara, bean níos aibí, ar mo dhuine. Bíonn úrscéalta stairiúla Waltari tragóideach go maith, ach is féidir a rádh gur gnáthamh agus coinbhinsiún í an tragóid aige, cosúil leis an dóigh a mbíodh Séamus Ó Grianna ag athscríobh an scéil chéadna fán ghrádh éagmhaise nó leatrom.

Cibé fá dtaobh den athráiteachas seo, tá mé barúlach gur éirigh úrscéal amháin go seoigh ar fad le mo dhuine, mar atá, An tÉigipteach. (I ndiaidh an iomláin, siúd is gur chum "Máire" an scéal ceádna aríst agus aríst eile, is féidir a mhaíomh gur éirigh ceann nó cupla ceann den dúrud scéalta níos fearr leis ná an chuid eile.) Nó thar aon rud eile, is fáthscéal é ina gcuireann an t-údar síos ar bhealach mheafarach, shiombaileach ar imeachtaí na mblianta cinniúnacha i saol na hEorpa san fhíchiú haois ar mhair sé fríothu. Go bunúsach, tuairisc atá ann ar an dóigh a dtug an Faró Ekhnaton droim láimhe le hildiachas na hÉigipte agus le hadhradh an phríomhdhé udaí Ammon, agus é ag iarraidh Aton a chur ina áit mar aon Dia amháin. Anois, bhí dáimh ínteacht riamh ag seanghlúin an léinn Éigiptigh le hEkhnaton, cionn is go bhfuair siad a aondiachas comh cosúil sin leis an Chríostaíocht. Ba dóigh leofa go rabh Ekhnaton ar leibhéal níos airde sibhialtais toisc an cineál reiligiún a bhí sé ag iarraidh a bhunú. Bhí an dearcadh seo fosta ag Immanuel Velikovsky, an fear is mó asarlaíochta dár mhair riamh: sular chrom sé ar a chuid teoiricí a chur i dtoll le chéile fán dóigh a dtearn na pláinéid, mar dhea, léim a thógáilt trasna an spáis agus dhul ó chonair go conair - níor ghabh sé leor, fiú, le gnáthasarlaíocht, b'éigean dó teoiricí míréasúnta a chumadh a sháraigh gach a rabh ann roimh a lá féin! - sular chrom sé ar an chineál seo asarlaíochta, d'fhoilsigh sé leabhar inar léirigh sé bá den chineál chéadna le hEkhnaton, tráth a bhí an fíor-lucht léinn ag athrú a gcuid tuairimí i leith an Fharó áithrid seo cheana féin.

Is é an rud atá le rádh ag Stiofán Dutch ó Ollscoil Wisconsin i dtaobh Ekhnaton - Akhenaton, mar a litríonns sé féin an t-ainm, ach bíonn barúlacha éagsúla ag lucht an léinn Éigiptigh i dtaobh an traslitrithe chirt cibé - ná:

Rinne scríbhneoirí nua-aimseartha scéal rómánsúil de scéal Akhenaton. D'fhéach sé le painteon an reiligiúin Éigiptigh a chaitheamh i dtraipisí, in éineacht le cumhacht pholaitiúil na sagart, agus é ag iarraidh aon dia amháin - Aton - a chur os comhair na ndaoiní mar ábhar adhartha. Tá taithneamh ann dúinn, agus muid féin fáiscthe as idéil an aondiachais. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, tá an chosúlacht teoranta don dromchla amháin. Ní rabh i gcreideamh Aton ach adhradh na Nádúra ar bhealach fhuar fheanntach. B'é Ammon Dia na mbaintreach, na ndilleachtaí agus na ndaoiní faoi leatrom, ach b'é an dia seo an phríomhthargaid a bhí ag Akhenaton agus é ag iarraidh na seandéithe a chur ar ceal. Bhí Akhenaton ag iarraidh reiligiún na huasaicme a chur ar bun a bhainfeadh a n-aonsólás de na bochtáin.

Bhí an seandearcadh ag Waltari fosta ar Akhenaton nó Ekhnaton, mar a litrigh sé féin an t-ainm. Ach má bhí, bhain sé casadh ar leith as an scéal lena chur in oiriúint dá chuspóirí féin, agus é ag tabhairt cur síos ar choimhlint an Chumannachais is an Fhaisisteachais. B'iad lucht leanstana Ekhnaton na Cumannaigh, agus Ekhnaton féin curtha i láthair mar idéalach neamhphraiticiúil ar thuirsigh a bhean chéile féin sa deireadh thiar thall, nó bíonn an t-amadán sin ag labhairt fá dtaobh d'Aton s'aige sa leaba féin. Cibé fá idéalachas Ekhnaton féin, d'iompaigh lucht adhartha Aton amach chomh míthrócaireach le sagairt Ammon féin, siúd is go rabh Aton in ainm a bheith ag gealladh saol ar fónamh agus síocháin gan deireadh don tsaol mhór is dá mháthair, agus cogadh dearg á chur ag na hAtonaigh agus na hAmmonaigh ar a chéile an chuid is fearr den leabhar. Ach nuair a bhí an tír ar shéala titim as a chéile go doleigheasta ag cogadh seo na gcarad, tháinig Horemheb, a bhí ina chara ag Sinuhe, an dochtúir agus fear inste an scéil nuair a bhí siad ina mbuachaillí óga - tháinig Horemheb chun tarrthála don ríocht, ach ós rud é gur ginearál a bhí ann, fear mór póilíneachta, disciplíne agus cogaíochta, is iomaí duine a bhí thíos leis an tarrtháil sin.