Sunday, March 06, 2005

Bíonn an ciníochas éagsúil


Is mór an trua é murar thug mé daoibh an nasc seo go fóill. Alt le Wilson Mac Leòid atá ansin ina bpléitear an dearcadh dímheasúil a bhíonn ag go leor daoine i nGalltacht na hAlban ar mhuintir na Gàidhealtachd, mura miste mé úsáid a bhaint as an téarma áitiúil. Díol suntais, fiú ábhar uafáis agus feirge, atá i gcuid de na tuairimí a chuireann Mac Leòid os ár gcomhair. Seo an méid a deir sé féin sa mhír Mì-rùn mòr nan Gall - creidim nach bhfuil an leagan cainte Gàidhlig sin i gcall aistriú go Gaeilge:


Leis na céadta bliain anuas, tá an Ghàidhlig faoi ionsaí agus faoi leatrom ag muintir Ghallda na hAlban, nó, mar a thug an file Gàidhlig Alasdair Mac Mhaighstir Alasdair air san ochtú haois déag: "mì-rùn mòr nan Gall". Tháinig athrú cuma nach beag ar an naimhdeas seo in imeacht na gcéadta bliain, nó má bhí sé bunaithe ar na líomhaintí fá dtaobh den "Phápaireacht", nó "barbarthacht" á cur i leith na nGael, thiar sa tseachtú haois déag, tháinig teoiricí nua-aimseartha ciníochais ina n-áit sa naoú haois déag. Inniu féin, bítear ag caitheamh anuas go brúidiúil ar an nGàidhlig agus ar lucht a labhartha sna meáin agus sa chuid eile den tsaol phoiblí. Siúd is nár chóir an iomarca a dhéanamh de mhinicíocht is de thábhacht na n-ionsaithe seo, níl dabht ná déidearbhadh ann go bhfuil glacadh coitianta leis an gcineál sin maslaí agus naimhdeas taobh istigh de dhíoscúrsa phoiblí na hAlban, agus an té a d'ionsódh na Gaeil ar an dóigh seo, ní dhéanfaí é a eascoiteannú as an saol sibhialta mar a dhéanfaí dá mbeadh sé ag ionsaí na mionlach nua feiceálach, cosúil leis na hAfra-Charaibigh nó na Pacastánaigh, ar an mbealach céanna.


Peter Clarke: Níl a dhath ag roinnt leis an nGàidhlig a b'fhiú a sheachadadh don chuid eile den chine dhaonna. Ó thaobh shaol an smaointeachais agus na n-aireagán de, níl sa Ghàidhlig ach fásach. Muidne, nach bhfuil an teanga againn, níl oiread is aon fhealsamh amháin, ná aon tuiscint amháin, ná fiú aon scéilín magaidh amháin ar eolas againn ó litríocht na Gàidhlig lena loinnir a chaitheamh orainn. Agus níl i gcaint na ndaoine ach conamar cainte na scológ nach fiú linn urraim ar bith a thabhairt dó.


Ar ndóigh, ní ritheann sé leis an Uasal Clarke nach ar na Gaeil féin atá an locht murar bacadh lena gcuid scéalta nó filíochta a aistriú go dtí na mórtheanga - seachas orthu siúd a chuir an Ghàidhlig faoi chois, agus sin go cruálach ar fad. Ar ndóigh, ní ritheann sé leis an Uasal Clarke nach bhfuil ina chuid tuairimí ach iarsmaí i ndiaidh na bolscaireachta a rinne naimhde na nGael a chraobhscaoileadh fadó, leis an éagóir a chosaint. Ar ndóigh, ní ritheann sé leis an Uasal Clarke nach ar na Gaeil atá an locht má tá sé féin chomh leisciúil is nár bhac sé riamh le súil a chaitheamh ina thimpeall agus tuilleadh a fháil amach faoi oidhreacht liteartha na Gàidhlig.



Tá tuilleadh den earra chéanna breactha síos ag Mac Leòid ó na nuachtáin Albanacha, agus cuid de na húdair ag dul i bhfad thar an gceann seo: ní bheadh sé as cosán ciníochas a chur i leith chuid mhaith acu. Agus is minic a fheiceann muid binbeacht den chineál chéanna i gcolúin leithéidí Khevin Myers, chomh maith le lucht a dtacaíochta. Is é an rud is suntasaí liom féin sna hionsaithe seo ná an dóigh a ndéanann lucht a scríofa sórt suáilce nó cúis bhróid dá n-aineolas féin. Shílfeá go bhfuil siad suite i saol na sean-Ghaeltachta roimh neamhspleáchas na hÉireann, agus iad dháiríre den bharúil gur éacht mór é "léann agus Béarla a bheith acu" agus go gcaithfidh siad gach tadhall leis an nGaeilge a sheachaint chun an t-éacht seo a choinneáil slán ón truailliú. Bhuel, bíodh a fhios acu gur éacht is ea é atá éirithe le formhór mór na nGael ar na saoltaibh seo.


Cuid de na ráitis a bhailigh Mac Leòid sna nuachtáin, is deacair gan chiníochas lom a aithint orthu: iad ag tabhairt le fios go bhfuil druncaeracht agus Gaeilgeoireacht, nó Gàidhligeoireacht, fite fuaite le chéile, agus nach bhfuil lucht na Gàidhlig in ann clár teilifíse a dhéanamh gan a bheith ag súimíneacht uisce beatha.