Wednesday, March 02, 2005

Bás Mari


Ar na saolta deireanacha seo, tháinig na póilíní trasna ar chorpán a bhí ag lobhadh le seachtain anuas in árasán i Heilsincí. Cailín naoi mbliana déag a bhí ann, darbh ainm Mari. Is cuma faoin gcuid eile den ainm is den tsloinne. D'iompaigh sé amach gur dúnmharú den chineál is gránna a bhí ann, nó bhí íospairt agus sceanairt tugtha di sular shíothlaigh sí. Ní raibh na póilíní i bhfad ag teacht ar lorg an chiontóra. Fear óg a bhí ann nach raibh mórán níos sine ná an cailín féin. Bhí sé sáite sa rac-cheol nó i rud éigin cosúil leis, agus Remu Aaltonen - seanfhundúir thar sheanfhundúirí an rac-cheoil san Fhionlainn, buachaill de phór na nGiofóg a rinne a bhealach as an drochshaol lena chuid scileanna drumadóireachta sna seascaidí nó sna seachtóidí, níl a fhios agam dháiríre. (Bhí blas cineál greanntragóideach ag baint le caithréim Remu féin, nó bhain sé leis an nglúin rac-cheoltóirí a bhí chomh haineolach ar an mBéarla agus a bhí siad géarbharúlach nach mbeadh aon mhaith sa rac-cheol dá gcanfaí in aon teanga eile é. Mar sin, bhí Remu i gceannas ar cheolghrúpa arbh ainm dó Hurriganes - sin é é lom díreach, HurriGanes - agus é ag canadh a gcuid amhrán i mBéarla a bhí litrithe dó de réir córas amaitéarach foghraíochta, i gcruth is gur mhínigh sé don léiritheoir go raibh sé go díreach tar éis an t-amhrán úd "Shorai Shorai" a thaifeadadh sa stiúideó - sin é an litriú a taispeánadh dó féin, ach is é an fíor-theideal a bhí ar an ngiota ná "It's all right, it's all right".) Cibé scéal é, fáisceadh an buachaill as saol na slumaí, más féidir slumaí a thabhairt orthu san Fhionlainn, agus é tar éis roinnt choireanna a dhéanamh, nuair a fuair Remu radharc air. Ó tharla go raibh sé de thaithí ag Remu féin gur féidir stócach den chineál sin a thiontú ó bhealach a mhíleasa le rac-cheoltóireacht - agus ós rud é go bhfuil proifisiúntacht dhian tagtha i leaba shaol milis na ndrugaí is an ólacháin i measc rac-cheoltóirí óga an lae inniu - is dócha go ndearna sé comhionannú leis an ógánach agus é meáite ar é a tharrtháil agus a shábháil ón bpríosún. Faraoir géar, ní mar shíltear a bhítear. Mharaigh an buachaill Mari, agus sin go brúidiúil; agus mar is ceart is mar is cuí, tá an dlí ag dul air dá réir.


Céard a déarfá lena leithéid? Tá tuismitheoirí an chailín ag éileamh díoltais, agus ní tógtha orthu é, nó is cuid den chinniúint dhaonna é - ní bheadh sé féaráilte iad a dhiúltú faoi. Níl clann de mo chuid féin agam, rud atá ag goilliúint orm go mion minic, ach tá aithne agam ar phearsa óg amháin, ar a laghad, a dhearcann orm mar chineál tuismitheoir breise, agus is mór an fhreagracht é. Is furasta liom a shamhlú go mbeinn féin ag santú fuil an mhurdaróra dá n-éireodh a leithéid don "iníon altrama" sin agam. Ón taobh eile de, is doiligh liom mórán tuisceana a léiriú dóibh siúd nach bhfuil baint dá laghad acu sa scéal, agus iad ag déanamh seó bóthair dá gcuid mothúchán i leith an scéil agus ag fógairt gur chóir a leithéid seo nó siúd d'fhantaisíocht Shádach a chur i bhfeidhm ar an mbuachaill. Nó cibé céasadh a thabharfaidís don stócach, ní ghlaofadh sé an ghirseach chun saoil arís.


Ón taobh eile de, ní féidir liom a rá nach bhféadfainn a shamhlú, chomh maith, cén cineál paisiún míréasúnta gnéis a bhain an míthapa uafásach as an mbuachaill. I bhfianaise m'óige féin, agus mé ag cuimhneamh ar an gcineál paisiún fiáin is dual don fhear óg ar bheagán gnéastaithí agus (thar aon rud eile) ar fiorbheagán taithí ar ghrá, ní féidir liom breithiúnas ar bith eile a thabhairt ar a chás ach na focail chlasaiceacha: mise a bheadh ann, murach grásta dochuimsitheach Dé.


Bhí an cailín ag dul ar cheardscoil le bheith ina chef, cosúil le Milla, cailín deas a bhí ag obair i mo ghnáthchaifé cupla bliain ó shin. Bíonn cineál cumha orm i ndiaidh Milla ar na saolta seo. Ba léir gur roghnaigh sí an chócaireacht mar shlí bheatha dá deoin féin, nó ní raibh sí chomh bómánta is nach bhféadfadh sí dul chun na hollscoile dá dtogródh sí. Bhíodh sí ag leithscéalaíocht go raibh sí ró-mhórmhionnach, ach leis an bhfírinne a rá, ní raibh sí puinn níos measa ná na cailíní ollscoile, agus ó bhí sí ina seirbhíseach proifisiúnta, bhí sí i bhfad ní ba mhúinte ná an chuid is mó acu.


Casadh Milla orm i dtús na bliana 2004 an uair dheireanach is cuimhin liom. Ní raibh sí ag obair sa chaifé a thuilleadh, agus le fírinne, níor aithin sí mé, agus hóbair dom féin gan í a aithint, nó bhí sí ag breathnú cosúil le máthair thuirseach clainne. Níor fhiafraigh mé di céard a bhí imithe uirthi.