Monday, March 14, 2005

Paavo Lipponen ag éirí as


Tá Paavo Lipponen, atá ina chathaoirleach ar Pháirtí Daonsóisialach na Fionlainne le breis is deich mbliana, ag éirí as a phost anois. (Níl mé cinnte cá háit ar tháinig mé ar an téarma sin daonsóisialach an chéad lá riamh, ach is fearr liom i bhfad é ná daonlathach sóisialta mar Ghaelú ar an Social Democrat. Sílim, dála an scéil, gurbh é Máirtín Ó Cadhain a cheap é. Tá a bhlas sin air. Agus mise i ndiaidh cuid mhaith de shaothar neamhfhicseanúil an Chadhnaigh a léamh, cé go bhfuair mé a chuid scéalta beagnach ródheacair riamh - agus leis an bhfírinne a dhéanamh, níl mé ach breaceolach orthu sa lá atá inniu féin ann.) B'é tuar a dheiridh é gur thug sé droim láimhe le ríchathaoir an Phríomh-Aire i ndiaidh an olltoghcháin is deireanaí le post an Cheann Comhairle a tharraingt air féin sa Phairlimint. Tá an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil Eero Heinäluoma, ard-rúnaí an Pháirtí a bhain amach a chuid dintiúirí i ngluaiseacht na gceardchumann, ag teacht ina áit mar chathaoirleach.


Polaiteoir sách conspóideach is ea é Lipponen, ar ndóigh. Caithfidh mé a rá gur ábhar feirge dom an easpa tuisceana a léirigh sé do chruachás na mac léinn sa tír seo. Nuair a bhí siad ag iarraidh níos mó maoiniú do na hollscoileanna air, is é an t-aon rud amháin a rith leis an amadán a fhreagairt ná gurb é Raimo Sailas an t-intleachtóir is mó san Fhionlainn inniu, agus gur chóir do na mic léinn urraim a thabhairt dó. (Státseirbhíseach ardchéime sa Roinn Airgeadais is ea é Raimo Sailas agus é i ndiaidh míchlú thar na bearta a tharraingt air féin mar ionchollú na ceacharthachta nach bhfuil d'fhreagra aige ar fhadhbanna na sochaí ach gearradh siar ar an mbuiséad.) Shílfeá gur dúshlán toilghnústa a bhí ann, ach dealraíonn sé go raibh Lipponen dáiríre píre - go raibh sé ag éileamh sórt dlúthpháirtíocht aicme le Sailas ar na mic léinn. Ba chuma nó vaits leis faoina ndrochshaol siúd. Is é an ról a cheap sé dóibh ná bualadh bos a thabhairt d'aislingí an intleachtóra mhóir - a chuid aislingí féin, nó aislingí a chara dhil, Raimo Sailas féin.


Agus is anseo a gheobhainn an locht is mó ar Lipponen: in áit a bheith ag déanamh ionadaíochta do na daoine agus ag gníomhú thar a gcionn de réir an údaráis a fuair sé uathu, is fearr leis a n-úsáid a bhaint astu lena aisling féin a chur i gcrích. Níl a leithéid i ndúchas an Daonsóisialachais, nó is é an láidreacht is mó a bhí ag an ngluaiseacht áirithe sin riamh ná rogha phraiticiúil phragmatúil a thairiscint do na daoine a sháródh brionglóidí réabhlóideacha na gCumannach agus a cheartódh an dubh a bhí ina gheal ag an eite dheis. Is é sin, diabhal an drae aislingí - cothrom na féinne gan aon chineál seafóide. Sin é an dearcadh a thuill a gcuid vótaí do na Daonsóisialaigh riamh, ach níorbh é sin an dearcadh ba dual do Lipponen. B'eisean fear na haislinge. Cosúil le Léinín. Agus tá a fhios againn an toradh a tháinig ar aisling Léinín.


Ní hionann sin is a rá gur bhain Lipponen leis an imeall clé dá pháirtí. A mhalairt ar fad. Chaith sé a sheal ina radacach óg, tráth, ach ansin thug sé a aghaidh ar na Stáit Aontaithe le snas a chur ar a chuid staidéir thall ansin. An raibh scoláireacht Fulbright aige? Níl mé cinnte anois, dháiríre, ach cibé scéal é, chuaigh mo dhuine go Meiriceá. Sna laethanta seo, ní raibh an Cogadh Fuar fuaraithe go héag go fóill, agus is dócha go raibh dintiúirí cearta frithChumannachais ag teastáil ó Phaavo óg leis an scoláireacht a bhaint amach agus an cead isteach a fháil i rogha ollscoile na Stát. I ndiaidh an iomláin, bhí muid suite i mbéal an Bhéir Mhóir féin (agus ní hé an Béar Mór thuas ar spéir na réaltaí atá mé a mhaíomh) agus mímhuinín ag údaráis na Stát Aontaithe asainn - rud a raibh a gcúiseanna féin acu leis, nó siúd is go raibh córas daonlathach na n-ilpháirtithe ag oibriú go sásúil inár dtír, bhí tionchar na gCumannach agus na Sóivéideach féin ar pholaitíocht inmheánach na tíre níos láidire ná mar ba ghnách in Iarthar na hEorpa. Mar sin, is dócha go gcoinnítí diansúil orthu siúd a bhí ag iarraidh dul ón bhFionlainn go Meiriceá le staidéar a dhéanamh thall ansin. Inniu, is dual do lucht na dteoiricí comhcheilge a thabhairt le fios gur sórt spiaire Meiriceánach a bhí i Lipponen, ó d'éirigh leis an seal staidéir sin a bhaint amach dó.


Is cuma faoi lucht na dteoiricí comhcheilge, ach ina dhiaidh sin féin, is follasach go ndeachaigh an seal i Meiriceá go mór mór i bhfeidhm ar Phaavo óg, agus gur chuir sé cor ina chinniúint pholaitiúil ina dhiaidh sin. (Nílim a rá go bhfuil na líomhaintí faoin spiaireacht go hiomlán dochreidte, ach ní chreidim go bhfuil siad riachtanach. Is cuma faoin easaontas atá idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe inniu, nuair a bhí Lipponen ag dul go Meiriceá, bhí cúiseanna thar a bheith bona fide aige le síleadh go raibh na Meiriceánaigh i bhfad chun tosaigh orainn i bhforbairt an daonlathais.) Thar aon rud eile, creidim gur ghlac Lipponen an chomhairle go dtreoródh sé an tír ó scáth na Rúise faoi sciath chosanta an Iarthair, chomh luath is a ligfeadh na himthoscaí dó é. I ndeireadh an ama, nuair a cheadaigh na himthoscaí é, ní raibh aon mhoill air an plean seo a chur i gcrích. B'é a aisling é ballstát den Aontas Eorpach a dhéanamh den Fhionlainn, agus sin é an rud a rinne sé, freisin. Lena cheart a thabhairt dó, b'eisean príomhailtire ár mballraíochta san Aontas. Ní chreidim go mbeimis fanta taobh amuigh den Aontas inniu, ach go bé go raibh Lipponen ann, ach is léir go raibh sé ag gníomhú go meáite meabhrach nuair a bhí an chuid eile den náisiún - agus de na polaiteoirí - idir an dá chomhairle faoin scéal go fóill. Ar ndóigh, bhí an lucht gnó agus na Coimeádaigh go tréan i bhfách leis an mballraíocht, ach má bhí, b'amhlaidh ba mhó mímhuinín na ndaoine as an Aontas, agus eagla orthu go rabhthas dár dtiomáint isteach ansin lenár gcóras leasa shóisialta a bhaint dínn agus le hairgeadlathas míthrócaireach a chur i bhfeidhm ar an tír. Leis na daoine a shuaimhniú agus leis an Aontas Eorpach a dhíol leo, bhí Daonsóisialach de dhíth, agus b'é Lipponen an Daonsóisialach áirithe sin. Ach más laoch a bhí ann, ní raibh ann ach laoch ócáidiúil, agus sílim go bhfaighfeadh an ócáid a laoch féin fiú in uireasa mo dhuine.


Nó, le fírinne, b'fhearr liom féin go n-aimseodh an ócáid laoch níos mó ná Lipponen. Ní dheachaigh aisling an fhir seo riamh thar "Iartharú" na Fionlainne - is é sin, b'í ballraíocht na tíre san Aontas Eorpach agus sa NATO an t-aon chloch ar a phaidrín. Ní bhuairfeadh sé a chloigeann le cúrsaí an chomhshaoil ná na forbhartha imbhuanaithe. A mhalairt ar fad, nuair a bhain muintir na háite amach sa chúirt nach dtógfaí taiscumar Vuotos - próis dlí thar a bheith fadaraíonach a bhí ann díreach cosúil le Jarndyce vs. Jarndyce ag Charles Dickens - chuir sé in iúl gur cailliúint mhór a bhí ann don tír, beag beann ar a bhfuil le léamh ar leabhar na reacht faoin díspeagadh cúirte. Go bunúsach, ba chogadh dlí é idir an pobal áitiúil agus an comhlacht fuinnimh faoin gceist, cé acu a thógfadh an comhlacht gléasra dá chuid san áit agus muintir na háite a ruaigeadh as a mbólaí dúchais, nó nach dtógfadh, agus ní maith an teist ar an gcineál fir atá ann gur roghnaigh sé an comhlacht fuinnimh thar an bpobal áitiúil, agus gur dhual dó an rogha sin - is é sin, nach samhlófaí a mhalairt leis d'aon duine.

Dá mbeadh polaiteoir Éireannach ann, mar Lipponen, bheadh sé meáite ar an nGaeltacht a chur de dhroim an tsaoil, ar mhaithe leis an éifeachtúlacht eacnamaíoch.


Is é is cúis le heaspa tuisceana Lipponen i leith chúrsaí na timpeallachta nádúrtha ná a chomhionannú le Fearsaid na gCompánach Cogaidh. Is é is brí le Fearsaid na gCompánach Cogaidh i stair pholaitiúil na Fionlainne ná an spiorad comhair agus comhoibrithe a d'fhás idir na Coimeádaigh agus na Daonsóisialaigh i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí scáth an Aontais Shóivéadaigh ag éirí dubh dorcha bagrach os cionn na Fionlainne. B'ansin a tuigeadh don dá pháirtí mhóra sin araon ná go raibh gníomh de dhíth chun an tír a shábháil. Roimh an gcogadh, is fánach duine a chreidfeadh go bhféadfadh an dá pháirtí seo cur le chéile mar sin, agus is léir gurbh éigean do go leor daoine athsmaoineamh agus athmheasúnú a dhéanamh ar na rudaí lena leithéid de bhloc a chur i dtoll le chéile.


Anois, ní mise an duine a shéanfadh éacht mór na gCompánach Cogaidh. Bhí siad meáite ar an tír a chur ar bhealach a leasa le forbairt mhór eacnamaíochta agus a chinntiú go mbeadh an náisiún ar fad chomh maith as is nach mbeadh aon duine chomh héadóchasach as a shaol is go bhfaighfeadh sé riachtanach a vóta a chaitheamh i bhfách leis na Cumannaigh. Agus is amhlaidh a rinne siad, míle buíochas le Dia. Nuair a bhí a gcuid oibre críochnaithe acu, áfach, agus fórsaí is feiniméin nua pholaitíochta ag teacht chun solais, cosúil leis na Glasaigh agus le séantóirí an fhiannais armtha, ní raibh d'ainm ag na Compánaigh Chogaidh orthu seo ach Cumannaigh. Is é sin, chreid siad go raibh siad in ann, nó fiú tar éis, gach fadhb insamhlaithe a fhuascailt eatarthu féin.


Is é an toradh nádúrtha dó seo ná easpa féinchriticiúlachta agus anuabhar, agus i dTampere, an chathair úd a bhí ina heiseamláir leis an tionchar a bhí ag na Compánaigh Chogaidh ar a cúrsaí, b'é an críochthoradh gur tharraing lobhadh agus uisce faoi thalamh na gCompánach súil na tíre ar fad ar an áit. B'é an polaiteoir Daonsóisialach Erkki Napoleon Lindfors (dáiríre, sin é an dara hainm a bhí ar Lindfors, ní haon mhagadh ná leasainm a bhí ann), méara na cathrach go dtína bhás sa bhliain 1969, a chuir bun le comhoibriú na gCompánach Cogaidh sa chathair. Mar sin, bhí sé ina nath cainte ag muintir na háite go raibh "an tUasal On Sovittu" os cionn gach aon uachtarán eile dá bhfuil sa bhardas. Is é is brí leis na focail on sovittu ná "tá sé socraithe", agus is é an rud a bhí i gceist ná na socruithe neamhfhoirmiúla idir na Compánaigh Chogaidh a chuaigh thar nós imeachta daonlathach an rialtais áitiúil - ar ndóigh, bhí ionadaithe ag na Cumannaigh ar an rialtas áitiúil, agus dá gcloífí leis an daonlathas, gheobhaidís siúd an deis a lorg féin a fhágáil ar an gcinneadh deifnideach. Mar sin, b'fhearr leis na Compánaigh na cúrsaí a shocrú roimh ré.


Mhair an traidisiún beo bíogúil i bhfad thar an riachtanas, go dtí gur iompaigh sé amach sna hochtóidí go raibh Pekka Paavola, comharba Napoleon, ag glacadh le breaba ón gcomhlacht tógála úd Noppa as oibreacha tithíochta an Bhardais a fhágáil faoin gcomhlacht sin. (Agus ar ndóigh, bhí airgead mór ag dul ó lámh go lámh leis na hoibreacha sin - airgead cánach de chuid an Bhardais.) Cuid de shocruithe na gCompánach a bhí ann, ar ndóigh. Ní fhéadfaí oibreacha tithíochta na cathrach a fhágáil faoin gcomhlacht a thairgfeadh na coinníollacha ab fhearr, nó bhí sé socraithe dul i dtuilleamaí Noppa.


Tamaillín beag ó shin, tháinig fíordhúchas Lipponen chun solais in aitheasc dá chuid agus é ag rá gur chóir smál an mhíchlú a bhaint d'ainm na gCompánach Cogaidh. Creidim nach mise an t-aon duine amháin ar bhain an t-éileamh seo stangadh as. Bhí mé óg go leor nuair a bhí scannal Phaavola agus Chomhlacht Noppa i mbéal na ndaoine, ach thug mé liom go maith brí an scéil: iarracht mhaith, iarracht fhiúntach a bhí i bhfearsaid na gCompánach Cogaidh lena lá féin, le freastal ar ghéar-riachtanaisí na linne, ach nuair nach rabhthas ina call a thuilleadh, níor fágadh di ach socruithe camghnó. Inniu, áfach, níl i gceist leis an gcumha atá ar Lipponen i ndiaidh laethanta órga na gCompánach ach sórt frithghníomhachta: ba mhaith leis an saol a bheith chomh simplí arís agus go bhféadfaí gach ceist thábhachtach a shocrú idir na Daonsóisialaigh agus na Coimeádaigh, beag beann ar na páirtithe eile. Níl an saol chomh simplí sin, a thuilleadh, agus ní bheidh; agus ba mhithid dúinn fáil réitithe den pholaiteoir dhainséarach seo arbh fhearr leis ceisteanna na gcaogaidí a fhreagairt in athuair ná freagra a lorg ar cheisteanna an lae inniu agus an lae amáraigh.


Ós ag trácht ar Lipponen dom, ní féidir liom an chuid chaidéiseach den scéal a fhágáil ar lár. Nuair a bhí sé ina Phríomh-Aire, chuir sé an chluain Mhuimhneach ar bhean óg a bhí ina ball gníomhach den pháirtí - bean darbh ainm Päivi Hertzberg, agus í pósta ceangailte nuair a tháinig an Príomh-Aire á chur chun tosaigh uirthi. Bhí clann aici lena fear céile cheana féin nuair a chrom Lipponen ar a chuid spallaíochta. Is minic a chonaic sí an fear mór millteanach seo - fear a bhí beagnach ar comhaois lena hathair, nó a d'fhéadfadh a bheith, de réir gach cosúlachta - ag croitheadh a láimhe di faoin bhfuinneog mar nach mbeadh ann ach spuraicleach déagóra ag iarraidh radharc cairdiúil amháin a bhréagadh óna ghrá éagmhaise. Sa deireadh thiar thall, fágadh an tUasal Hertzberg gan chlann gan teaghlach, agus thug Lipponen a bhean leis. An bhfuil mé ar an t-aon duine amháin ar rith an rí bíoblúil áirithe sin leis? D'fhéadfá an grá mór a thabhairt ar a leithéid, ach bhí meas an tsuarachais agam ar an scéal grá seo riamh. Is follasach gur chuir an Boc Mór a údarás mar cheannaire an Pháirtí i bhfeidhm ar an gcailín; ón taobh eile de, is léir nár mhiste léise ach an oiread súil shantach an fhir mhóir a bheith uirthi. Nach deas an scéal grá é? Ní raibh ach an fear céile agus na páistí thíos leis.


Ní mise an duine is réidhe amuigh chun locht a fháil ar chúrsaí leapa na ndaoine eile ar chúiseanna moráltachta. Ach is amhlaidh gur chuir eachtra Phaavo Lipponen agus Phäivi Hertzberg consaeit agus samhnas orm. Nuair a chuaigh Clinton thar fóir leis an gcailín deas dubh, ní raibh sé ach ag cur a phósta féin ó mhaith, agus má bhí sé chomh hamaideach sin, bíodh aige. Ach is é an rud a rinne Lipponen ná a ladar a chur i bpósadh daoine eile, daoine a raibh freagracht orthu as páistí beaga. Sin drochtheist ar charachtar an pholaiteora má bhí a leithéid de dhíth ar aon duine.


Is maith liom an nóta a tharraingt anuas a chuir an scríbhneoir Fionlannach Sualainnise Christer Kihlman lena leabhar Människan som skalv - "An duine a chreathnaigh". Is é an rud atá sa leabhar ná cur síos mionchruinn ar na deacrachtaí uafásacha a bhí ag an bhfear bocht lena shaol, agus é ag craosaireacht ar an mbiotáille idir dhá rabharta homaighnéasachais. Is é sin, bhí sé pósta, ach ní raibh sé siúráilte faoi cé acu a bhí sé ina fhéileacán nó nach raibh, agus ansin, rinne sé praiseach dá shaol leis an dóigh a raibh sé ag rith i ndiaidh an tsuilt homaighnéasaigh. Ar ndóigh, fuair sé riachtanach an coinsias a bhá san uisce bheatha an chuid ab fhearr den am. Bhuel, nuair a léigh mé an leabhar seo, agus mé i mo dhéagóir, d'fhág an scéal duairc imprisiún dóchasach ina dhiaidh, nó b'é an nóta a chuir mo dhuine leis an leabhar ná gur leabhar faoi rudaí neafaiseacha, neamhthábhachtacha a bhí ann - agus gurbh é sin an fáth nár thrácht sé mórán ar an gcaidreamh a bhí aige lena chlann. Nó dá dtráchtfadh, bheadh leabhar eile ann ar fad - an leabhar faoi rudaí tábhachtacha.


Is dócha gur druncaeir agus striapach fir ab ea é Kihlman, ach mar sin féin, ní raibh a dhath ar bith cearr lena chompás moráltachta: thuig sé gur thábhachtaí iad na páistí ná cúrsaí cleamhnais na ndaoine fásta. Ní raibh an tuiscint sin ag Lipponen ná ag an ráitseach a mheall sé óna fear céile.