Wednesday, March 16, 2005

Borges


Bhí mé dhá bhliain thar an tríocha d'aois nuair a fuair mé an chéad aithne ar shaothar Jorge Luis Borges. Mar is dual don Fhionlannach, b'iad na húrscéalta móra éipiciúla ab fhearr liom mar ghné liteartha, nuair a bhí mé óg, agus thóg sé na blianta fada orm a thuiscint go bhféadfaí na dánta is na gearrscéalta a ghlacadh dáiríre ar aon nós. Nó, mar a dúirt an Cadhnach féin lena lá, ní hiad a liricí beaga neamhurchóideacha a thabharfaidh tarrtháil agus athshlánú don Ghaeilge, ach na húrscéalta móra troma, agus b'é sin an tuairim a bhíodh ag na Fionlannaigh go dtí le déanaí, ar na cúiseanna céanna dar liomsa. Ós rud é gur teanga bheag neamhfhorleathan í an Fhionlainnis i bhfarradh is teangacha móra an domhain, is é is cuspóir le litríocht na Fionlainnise ná an teanga a choinneáil beo breabhsánta bíogúil, agus níl aon mhaith i mionlitríocht lena aghaidh sin, ach is iad na húrscéalta móra atá ag teastáil; mar sin agus ar an ábhar sin, an té a bhí le bheith ina scríbhneoir, chaithfeadh sé an teideal sin a thabhú dó féin le leabhair ar aon mhéid le bríce. (Sin é an nós atá againn san Fhionlainnis: "bríce d'úrscéal" nó tiiliskiviromaani a thugtar ar mhórúrscéal den chineál a thiocfadh ó pheann Charles Dickens nó na seanmháistrí Rúiseacha, gan aon trácht a dhéanamh ar Gone with the Wind le Margaret Mitchell. Dála an scéil, nuair a chuirfidh mé Gaeilge ar an gceann sin, an lá is faide anonn, ní hé Imithe leis an nGaoth ach Séidte ar Shiúl a bhaistfidh mé air. Nó tá brí eile leis an abairtín sin imithe leis an ngaoth sa Ghaeilge, mar atá, as do mheabhair. An té atá imithe leis an ngaoth, níl ciall aige, tá sé le ceangal, tá sé craiceáilte.)


An cineál scríbhneoir atá ann, mar Bhorges, is é díreach an cineál é nach bhfuil mórán glacadh leis san Fhionlainn, i bhfianaise ár dtraidisiúin ar a laghad. Más eol dom, níor chum sé oiread agus aon úrscéal amháin riamh. B'é an gearrscéal an ghné ba dual dó, ach b'aisteach an cineál gearrscéalta a bhíodh sé a bhreacadh síos. Rud éigin idir ghearrscéal agus aiste ab fhearr liom a rá, nó ba mhinic a scinneadh sé ón insint lena mharana a dhéanamh ar cheisteanna fealsúnachta, agus na haistí a scríobhadh sé faoi na ceisteanna sin, d'fhoilsíodh sé iad sna bailiúcháin chéanna leis na fíor-ghearrscéalta. Fabhalscéalta a bhíodh sna gearrscéalta féin agus a bhformhór dírithe ar na ceisteanna fealsúnachta a chardáil agus a phlé.


Ina leabharlannaí a chaith Borges an chuid ab fhearr dá shaol, agus a aithne sin ar a chuid scríbhinní. Tá sé ina nath cainte inniu ar fud an tsaoil ná gur chóir do dhaoine den chineál seo nó siúd saol ceart a fháil dóibh féin, nó to get a life, mar a deir an Sacs-Bhéarlóir. Ar bhealach, tuigim dóibh siúd a shíleann nach raibh saol ceart den chineál a mhaíonn siad ag Borges. Mar sin féin, níl sé mórán as cosán a rá go raibh Borges féin sórt criticiúil (nó féinchriticiúil) i leith an tsaoil fhulangaigh i measc na leabhar. Ar a laghad, sin ciall amháin is féidir a bhaint as an scéal El Sur, nó An Deisceart.


Is é is ábhar don scéal seo ná an saol atá ag fear dárbh ainm Juan Dahlmann. Fear de phór na Gearmáine é, ach más inimirceoir Gearmánach a bhí ina athair mór, mothaíonn sé féin gur Airgintíneach go smior atá ann - hondamente argentino, mar a deir an t-údar. Ansin, baineann taisme dó, i gcruth is go bhfaigheann sé mionbhriseadh cnáimhe sa chloigeann - i gcnámh an éadain, más buan mo chuimhne - agus fágtar ag éileamh é le sórt fiabhras inchinne go ceann seachtain nó dhó. (Níl an leabhar i m'aice anseo, le go bhféadfainn na mionsonraí ar fad a sheiceáil, ach seo mar a ritheann na himeachtaí liom.) I ndiaidh dó biseach a fháil ón tolgadh seo, ritheann leis aghaidh a thabhairt ar dheisceart na hAirgintíne, tír na ngauchos, agus i ndiaidh dó an áit a bhaint amach, éiríonn iaróg idir é agus duine de na gauchos ar chúiseanna neafaiseacha, mar is gnách éirí idir fir atá goilliúnach fá chúrsaí na honóra - buachaillí bó atá iontu go bunúsach, mar ghauchos, cosúil leo siúd a bhain amach a chlú d'iarthar fiáin na Stát Aontaithe. De réir mar a éilíonn dlíthe onóra na mbuachaillí bó seo, caithfear an scéal a shocrú le troid na scian, agus ós rud é nach bhfuil an dóigh ag Dahlmann ar an scian mar atá sí ag na buachaillí bó, is léir go bhfuil an bás aige anois. Glacann sé ina mhórmhisneach é, áfach, gurb é seo an deireadh a bhí daite dó. Tuigtear dó, freisin, nach bhfuil sna dlíthe onóra ag na ruifínigh seo ach leithscéal le fear na cathrach a mharú agus a chreachadh - ach is cuma leis faoi sin, chomh maith, ós cinnte dó nach bhfuil i gceist leis an dúnmharú féin ach an chinniúint dhosheachanta nach féidir leis a chur ó dhoras. Na focail dheireanacha a léimid, taispeánann siad Dahlmann ag dul amach as an tábhairne - sílim gur sórt tábhairne a bhí san áit inar casadh na buachaillí bó air - chun teagmhála lena dhúnmharfóir.


I gcomparáid leis na hollchruinní is na para-dhomhain chasta a chruthaíonn Borges ina chuid scéalta de ghnáth, nó na radharcraí strainséartha sna tíortha coimhthíocha agus sna tréimhsí cianmhara staire, is iontach an eisceacht é El Sur. Taispeánann sé chomh domhain agus a bhí Borges fréamhaithe in ithir a thíre féin, siúd is gur scríbhneoir mór domhanda a bhí ann. An t-iltíreachas bréige a deir go gcaithfidh an scríbhneoir a chuid féin a thréigean agus cúl a thabhairt lena chine féin le comhshamhlú a dhéanamh leis na múnlaí domhanda, tá sé bréagnaithe ó thús go deireadh ag Borges, a bhí ag anailisiú filíocht na ngauchos féin chomh réidh agus a bhí sé ag déanamh grinnscrúdú ar na scríbhneoirí Béarla.


Tá sé níos deacra a fháil amach, cad é a bhí mo dhuine ag iarraidh a rá leis an scéal. Tá a fhios againn go raibh sé ar an scéal ab fhearr leis an scríbhneoir féin dá raibh scríofa aige, agus mar sin, caithfidh sé gur eochairscéal é ar bhealach éigin, scéal a thugann léargas dúinn ar an bhfear féin agus ar an dearcadh a bhí aige ar a raibh scríofa aige.