Wednesday, February 23, 2005

Caithfidh Kevin Myers éirí as!


Is í an rogha a éiríonn as ar na saolta seo, agus is í an díogha a fhanann i mbun a gcuid oibre. Sin é an t-aon tátal a fhéadaim a bhaint as a bhfuil léite agam ar an Irish Times le déanaí. Nó is amhlaidh go bhfuil Aoife chomh tuirseach tnáite de bheith ag geamhthroid le maorlathas na Gaeilge is gur éirigh sí as a jab mar Phríomhfheidhmeannach Gníomhach - sórt timire nua-aimseartha sílim - ar Chonradh na Gaeilge. Tá súil agam nach miste libh mise mo mheas mór ar Aoife a chur in iúl anseo. Nó is amhlaidh go raibh sé de phribhléid agam anuraidh í a fheiceáil faoi lán an tseoil, agus d'fhág a feic cineál trí chéile mé: fuair mé deacair a rá, an raibh trí lámh aici dháiríre. Príomhfheidhmeannach gníomhach a bhí inti dháiríre. Bhí sí bun os cionn ar fad le gnáthíomhá ghluaiseacht na Gaeilge, agus í aigeanta, ógánta, fuinniúil.


Is amhlaidh is mó a chuireann an lucht deireanach seafóide ó Khevin Myers fearg orm. Ó tharla gur fhoghlaim mé go bhfuil teacht ar dhaoine cosúil le hAoife timpeall ghluaiseacht na Gaeilge, ní féidir liom mórán tuisceana a léiriú a thuilleadh don chineál sin aithiseoireachta agus clúmhilleadóireachta. Níl Myers go bunúsach ach ag spalpadh bréag, bréag, bréag i ndiaidh a chéile agus cead cainte aige ar an nuachtán is mó le rá sa tír. É ag léamh amach na sean-nathán smolchaite nach bhfuil fírinne ar bith fanta iontu inniu, díreach mar a bheadh sé fostaithe d'aonturas ag oidhrí éigin de chuid Language Freedom Movement le cac a chaitheamh anuas ar an nGaeilge. Ní shásann a chuid iriseoireachta caighdeán ar bith. Is é sin, a bhfuil le rá aige i dtaobh na Gaeilge agus lucht na Gaeilge, ní fiú puinn é mar iriseoireacht, fiú mar iriseoireacht chriticiúil. Cén fáth nárbh eisean, seachas Aoife, a d'éirigh as a phost?


Caithfidh mé a rá freisin, má bhí aon mhuinín agam as Ruth Dudley Edwards go nuige seo, gur thréig an blúirín deireanach di tar éis na hiaróige a tharraing ionsaí Myers ar na máithreacha singile ina dhiaidh. Is é sin, dúirt sí gur scoth iriseora é Myers. Éist agus claon do chluas chugam, a Ruthie, go ndeire mé leat é: ní fiú leathphingine é mar iriseoir. Iriseoir a chodail amuigh é. Dá mbeadh sé ina iriseoir maith, is dócha go mbeadh sé ag fáil loicht ar ghluaiseacht na Gaeilge ansin freisin, ach bheadh sé ag iarraidh léargas nua a fháil uirthi. Ní dhearna sé riamh iarracht ar bith den chineál sin, iarracht ar bith. Ní dhearna sé riamh ach liodán na bhfrith-Ghaeilgeoirí a rá ó thús deiridh, sin a raibh de. An seanphort céanna go deo, deo. Quaint, useless, na haidiachtaí sin ar fad.

Wednesday, February 09, 2005

Dúchas na hÉireann


Tá sórt iníon altrama agam, cailín beag cúig bliana déag a chuir a hainm le m'achainí idirlín nuair a bhí feachtas an Stádais faoi lántseoil agus a scríobh cupla líne chugam lena dearcadh ar an nGaeilge a chur in iúl dom. (Ní raibh inti ag an am sin ach páiste ceithre bliana déag, dháiríre.) Ós rud é nach bhfuil clann de mo chuid féin agam, chuir a ríomhphost cineál maoithneachais orm, agus d'fhreagair mé í. De réir a chéile, thosaigh muid ag scríobh litreacha chuig a chéile as Gaeilge, agus mise ag cabhrú léi feabhas a chur ar a cuid Gaeilge agus ag scéalaíocht faoi laethanta m'óige féin, nuair a bhí mé ar aon aois léi féin. Ábhar uafáis a bhí ina raibh le rá aici fá dtaobh de theagasc na Gaeilge ina scoil féin. I gcomparáid leis an gcineál scoil atá againn féin anseo, cibé locht atá uirthi, fíor-sheomra céasta a bhí ann, agus na múinteoirí ag crá na ndaltaí ar bhealach chomh díchéillí agus gur chuir sé sórt alltacht agus fiú fearg orm. Ní mór cás na múinteoirí a thuiscint freisin, agus níl mé féin chomh mór in aghaidh riailbhéas dian do na páistí is a shílfeá. Is é sin, nuair a bhí mé óg, ba mhinic a fuair mé greidimíní nó tarraingt na gruaige ó Dhaideó, ach má fuair, ní bhfuair mé riamh iad gan chúis cheart, agus an chuid ba mhó de na hócáidí, bhí a fhios agam go maith an fáth a bhfuair mé an pionós. In áit a bheith anuas ar na pionóis féin, b'fhearr do na hoideolaithe a áitiú ar na tuismitheoirí go gcaithfidh na pionóis a bheith ag teacht le chéile, agus rialacha soiléire a bheith ag dul leo - agus na daoine fásta ag cloí leis na rialacha céanna iad féin. Is é sin, mura bhfuil de chead ag an bpáiste mionna móra a labhairt os ard, ní mór do na tuismitheoirí smacht éigin a choinneáil ar a dteangacha féin, freisin. Is é an locht is mó a fhaighim ar iompar na múinteoirí i scoil mo charad óig ná nach bhfuil siad sásta urraim a thabhairt do rialacha na gnáthchúirtéise agus iad ag caidreamh leis na páistí. D'inis an cailín dom, lá, ná go raibh sí ina suí go múinte ag bord i leabharlann na scoile, gan chur isteach ar aon duine eile, agus i dtobainne, tháinig múinteoir agus sciob chuige earraí an pháiste lena gcur ar an tábla in aice leis, nó bhí deasc an chailín ag teastáil ó mo dhuine ar chúis éigin. Diabhal an drae focal ag teacht as béal an mhúinteora. Ar ndóigh, ós rud é gur páiste soscanraithe gan mórán féinmhuiníne atá i mo chara bhocht, chaith sí tamall fada ina dhiaidh sin faoi aiféaltas, gan tuiscint cheart cad é a bhí déanta as cosán aici. Anois, tá mé den bharúil go bhfuil i bhfad níos mó dochar don pháiste ina leithéid de ghothaí anuaibhreacha ná i bpionós corpartha, mura ngearrfar an pionós sin san éagóir. Teastaíonn cothrom na féinne ó na páistí, chomh maith le gach duine againn.


Nuair a tháinig an Nollaig, cheannaigh mé cupla leabhar maith Gaeilge don pháiste, go háirithe Brídín an Dilleachta. Agus is mór an t-ábhar áthais dom an taithneamh a bhain sí as an leabhar áirithe sin. Tá mé cinnte nach bhfuil leabhar mór J.J.Lee faoi stair na hÉireann léite ag an ngirseach, ach mura bhfuil féin, an freagra a chuir sí chugam agus an chéad radharc faighte aici ar Bhrídín, d'fhíoraigh sé go hálainn gach a raibh le rá ag Lee faoi thábhacht na Gaeilge.



Dháiríre, baineann sé scanradh asam an sórt teagaisc a bhíonn ar siúl acu sa teanga. Deir sí gurb é an t-aon rud atá idir lámhaibh acu ar scoil ná téacsaí fada a léamh agus a aistriú, agus sin a bhfuil ann: ní bhíonn siad ag cleachtadh na cainte, cosúil leis an dóigh a ndéanann siad leis an nGearmáinis agus leis an bhFraincis. Deir sí, fosta, go mbíonn an Ghearmáinis agus an Fhraincis níos líofa ag cuid mhaith de na cailíní ina scoil.

Abbas agus Sharon ag caint le chéile


Scéal thar a bheith iontach go bhfuil sé ag éiri le Mahmúd Abbas agus Ariel Sharon dul i gcomhchainteanna le chéile, ach ar ndóigh, níl ann ach tús. Mar sin féin, dealraíonn sé go raibh an oiread sin den cheart ag Sharon agus go bhfuair sé a mhian leis an bpolasaí a bhí aige gan bacadh le hArafat a thuilleadh: chuir sé abhaile ar na Palaistínigh go gcaithfidís cromadh ar an taidhleoireacht is ar an bpolaiteoireacht fá dheoidh, in áit na síor-threallchogaíochta.


Beidh sé suimiúil a fheiceáil cén chuma a thiocfaidh ar na cúrsaí anois. Go nuige seo, níl sé chomh héadóchasach is a mbeadh súil agat leis sa Tír Naofa. (Émil Habibi: - A Dhaid, cén fáth a dtugtar an Tír Naofa uirthi? - Toisc gur tír naofa gach tír a bhfuil fuil na bhfulangaithe neamhchiontacha ólta aici. Agus creid uaim, a mhic, beidh an tír s'againn á naomhadh ar an dóigh áirithe seo sa todhchaí freisin. - Anois, a Dhaid, a thuigim cén fáth a dtugtar an Tír Naofa uirthi. Go fírinneach, is beag tír ar dhroim an domhain is mó naofachta ná í!) Tá an bheirt fhear uasal sin ag drannadh aoibh gháire leis an gceamara, mar a shamhlófá lena leithéidí cibé scéal é, ach anois, caithfidh siad aghaidh a thabhairt ar an namhaid i measc a gcuid carad féin. Is cuid lárnach de dhiabhlaíocht na gcoimhlintí fadaraíonacha é go bhfuil sainleas an iomarca daoine dílsithe don chogaíocht, agus iad ag teacht i dtír uirthi. An fear óg nach bhfuil de cheird aige ach ceird an mheaisínghunnadóra, an bhfuil a dhath le buachan aige ar an tsíocháin? Is éadócha. Is é lár a leasa é, dar leis, ná an chogaíocht a choinneáil ar obair agus an cor a thabhairt in aghaidh an chaim go dtí go mbeidh an saol mór is a mháthair camtha agus athchamtha as aithne.