Sliocht as Kalevala i nGaeilge a fuair mé i measc mo chuid seanpháipéar. Faraoir, ní tháinig an obair aistriúcháin riamh níos faide ná seo.
An bhfuil a fhios agat, cad é ba chóir dúinn a dhéanamh?
An eol duit an rud is mian liom?
Sea, seanamhráin a chanadh in éineacht
agus ár gcuid laoithe a reic le chéile!
Ní mór dúinn seoda ár seanmhuintire a thaispeáint ar an tsean-nós.
Mothaím na focail ag tonnadh ar mo theanga
agus aithním na scéalta ag borradh thar mo bhéal,
ag teacht talcánta tréan mar a bheadh sruth uisce ann
agus ag titim fríd phoill mo chuid fiacal.
A dheartháir dhil agus a chompánaigh chaoimh,
an bheirt againn a d'fhás aníos le chéile,
tar liom go ndéana muid ár gcuid amhránaíochta,
agus ár dhá nguth á bhfí is á bhfuáil le chéile,
anois, i ndál chomhairle don bheirt againn, rud nach minic.
Nó is annamh agus is ró-annamh a chastar le chéile sinn
i gcríocha corracha cúil seo an Tuaiscirt.
Sín chugam do lámh, mar sin,
agus muid ag bualadh ár gcuid méar trasna a chéile
go mbeidh muid ag canadh na laoithe
agus más fada féin iad, beidh éileamh ar thuilleadh acu.
Beidh foghlaim inár gcuid amhrán
le nós a saoil a theagasc don mhuintir óga,
dófa siúd atá ag fás aníos inár measc
le go mbeidh bláth ar ghlúin óg ár mbunaidh.
Beidh na focail acu a fuair muid le hoidhríocht,
na hamhráin a dtáinig muid trasna orthu
faoi chrios an tsaoi udaí Väinämöinen,
faoi chasúr an tsaoir udaí Ilmarinen,
ar bharr an chlaímh a bhí Lemminkäinen a bheartú,
ar bharr na saighde a scaoil Joukahainen,
ar fud pháirceanna an Tuaiscirt
agus i dtír Kalevala féin.
An t-amhrán a chuala mé ó bhéal an tseanfhir
agus é ag saoirsiniú coise don tua,
an t-amhrán a chuala mé ó bhéal na máthara
agus í ag casadh an roithleáin,
nuair nach rabh ionamsa ach ruidín beag baoideach
ag déanamh mo lámhacáin trasna an urláir
agus má chonacthas féasóg thart ar mo bhéal
ní féasóg cheart a bhí ann ach smál bán bainne.
Chuala an saol iomrá ar Sampo
agus is iomaí ciall a baineadh as Louhi,
chuaigh Sampo in aois ag na scéalaithe
agus mhaslaigh Louhi í féin ag inse léithi,
b'í an véarsaíocht ba trúig bháis do Vipunen
más súgach an seort bás a fuair Lemminkäinen.
Scéalta de chineál eile atá agam:
scéalta iad a d'fhoghlaim mé,
scéalta a phioc mé suas ón díog,
scéalta a fuair mé amuigh ins an fhraoch,
scéalta a bhain mé as measc an chonnaidh,
scéalta a d'fhás eadar na plandaí ísle,
scéalta a fuair mé liom 'na bhaile
ó thuras buachailleachta fadó,
scéalta ó na túrtóga meala,
scéalta a d'inis an bhó dhubh domh,
scéalta a d'arsaigh an tarbh breac.
Scéalta a dhúisigh ionam le teacht an tseaca,
scéalta a thit orm mar chith fearthainne,
scéalta a séideadh anuas orm le gaoth na spéire,
scéalta a siabadh orm le tonnta na farraige,
scéalta a cheol na héanacha domh,
scéalta a shiosc an choill liom,
scéalta a luchtaigh mé ar mo charr sleamhnáin,
scéalta a thug mé liom chuig mo mhuintir,
agus an chuid acu nár thoill isteach ansin,
chuir mé faoi bhéillic iad
nó ins an chiste mhór copair.
Is fada ag fanúint lena seal iad
agus iad fágtha i leataoibh, mo chuid laoithe.
An mba mhiste iad a tharraingt anuas
agus a thabhairt chun solais,
an ciste a chur i lár an urláir
agus an taisce a fhoscal?
Tógfaidh mé amach ceann maith
agus leathfaidh mé amach an chuid eile acu
mar a bheifeá ag meilt seagail don arán
agus á chur ar coipeadh le haghaidh leanna.
Ach mura maith libh blas an bhídh
agus más leamh libh an léann féin
bíodh aige, más amhlaidh,
níl ach blas an uisce fágtha ansin
ins an scéal i ndiaidh lae fhada
ins an amhrán a canadh istoíche
le ball bán an lae úir a fháiltiú.
0 Nóta ó Léitheoirí:
Post a Comment
<< Fill ar an bPríomhleathanach